13 Márta, 2024
Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann
Donna Carolan, Stiúrthóir Gníomhach, Curaclaim agus Measúnachta
Tá Donna ina cónaí i gContae Lú ach beidh sí i gcónaí mórtasach as a dúchas i Ros Comáin. Tá Donna ina hOifigeach Oideachais le CNCM ó 2021, agus tá sí ag obair faoi láthair ar Fhorbairtí Luath-Óige agus Bunscoile. Sular tháinig sí go CNCM d’oibrigh Donna mar mhúinteoir bunscoile agus b’Ollamh Cúnta le hOideachas Luath-Óige í ag an Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Chuir Donna tús lena cuid rannpháirtíochta leis an CNCM den chéad uair in 2011 nuair a d'oibrigh sí ar fhorbairt ábhar tacaíochta agus cúrsaí forbartha gairmiúla leanúnaí ar conas a d'fhéadfadh Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige tacú leis an bhfoghlaim agus leis an teagasc i ranganna naíonán i mbunscoileanna.
Cuireann Donna fáilte roimh an tsoiléireacht a chuirtear ar fáil maidir le tábhacht an tsúgartha agus tábhacht a bhaineann le cur chuige spraíúil mar a leagtar amach i gCreatchuraclam na Bunscoile. Tá sí ag tnúth le deis a bheith ag a hiníon blaiseadh a fháil de leanúnachas foghlama agus í ag aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil sna blianta atá le teacht.
Tá Dioplóma Iarchéime sa Cheannasaíocht Oideachais agus Máistreacht san Oideachas Luath-Óige ag Donna. Léirítear leis an dá cháilíocht an suim mhór atá aici san oideachas. Tá sí ar tí tabhairt faoi PhD agus beidh iniúchadh á dhéanamh aici ar an súgradh agus ar chuir chuige spraíúla i ranganna sinsir na bunscoile.
Ní hiad cúrsaí oibre agus cúrsaí staidéir amháin atá i gceist le saol Donna agus tá go leor tíortha feicthe aici a bhuí lena grá don taisteal – tá a croí istigh i Sydney agus tá sí ag súil go mór le filleadh ansin lá éigin. Faoi láthair, áfach, is iad na háiteanna atá níos gaire don bhaile agus amanna eitilte níos giorra a shocraíonn cúrsaí agus í ag taisteal le páiste óg!
John Copley, Oifigeach Oideachais
Tá John ina chónaí i gCathair Luimnigh agus is Oifigeach Oideachais é le CNCM ó 2022, ag obair ar dhréachtsonraíocht churaclam na bunscoile maidir le hOideachas Sóisialta agus Imshaoil, agus ag déanamh eagarthóireacht ar info@ncca. Roimhe seo, theagasc John i mbunscoil mhór bhruachbhailteach i Luimneach agus i Scoil Idirnáisiúnta na Breataine i gCathair Ho Chi Minh i Vítneam, áit a raibh post aige mar Chomhordaitheoir Teicneolaíochta Deartha.
Bhí baint ag John le tionscadail CNCM den chéad uair beagnach deich mbliana ó shin nuair a ghlac sé páirt i dtionscnamh píolótach den Churaclaim Chomhtháite Idirbheartach, ag féachaint ar an tábhacht a bhaineann le guth agus gníomhaireacht na bpáistí ina gcuid foghlama. Bhí sé rannpháirteach freisin sa chomhairliúchán tosaigh do Churaclam Matamaitice na Bunscoile in 2017 mar ionadaí a scoile. Tá John ag tnúth leis na forbairtí curaclaim a bheith i bhfeidhm, lena n-áirítear Aistear Nuashonraithe agus Curaclam na Bunscoile athfhorbartha. Tá sé ag súil go mór leis na deiseanna agus na heispéiris foghlama a chuirfear ar fáil dá iníon nuair a thosóidh sí ag freastal ar réamhscoil agus ar bhunscoil.
Taobh amuigh d’fhorbairtí curaclaim, tá dúil mhór ag John i bhfoghlaim leanúnach ar feadh an tsaoil agus tá Máistreacht san Oideachas aige ó Choláiste Mhuire gan Smál chomh maith le Saindioplóma sa Dlí agus san Oideachas ó Óstaí an Rí, céim a chríochnaigh sé le déanaí. Tá an t-eolas agus na scileanna a d’fhoghlaim John agus é i mbun staidéir chun na cáilíochtaí seo a bhaint amach ríthábhachtach san obair a dhéanann sé ó lá go lá i bhforbairt curaclaim.
Taobh amuigh den obair a dhéanann sé le CNCM, tá suim ag John i gcuid mhór rudaí éagsúla, go háirithe i gcúrsaí spóirt. Is galfaire díocasach é nár chaith an bhrionglóid atá aige le bheith ag imirt sa Chorn Ryder as a cheann fós (nó ar a laghad a bheith i measc an lucht féachana) nuair a thiocfaidh an comórtas go Luimneach in 2027. Chomh maith leis sin is duine de lucht leanúna na Mumhan é agus tá an-suim aige i Rugbaí na hÉireann