13 Márta, 2024
Eispéiris na bpáistí ar churaclam agus ar mheasúnú sa bhunscoil
Is é an tuarascáil seo, Curaclam agus Measúnú in Saol Scoile Páistí: Eispéiris ó Bunscoileanna in Éirinn 2019–2023; an séú tuarascáil sa tsraith ón staidéar fadaimseartha Saol Scoile Páistí. Leis an staidéar ceannródaíoch seo, tarraingitear ar eispéiris 4,000 páiste in 189 bunscoil, lena n-áirítear taithí a múinteoirí, a gceannairí scoile agus a dtuismitheoirí.
Ag teacht le foilsiúcháin sa tsraith roimhe seo, tugtar tús áite do thaithí shaol na bpáistí féin leis an tuarascáil seo. Dá bharr sin, ní hamháin go bhfoghlaimímid conas a théann siad i dtaithí ar churaclam agus ar mheasúnú, foghlaimímid freisin conas a bhaineann siad brí as na heispéiris sin agus iad a inmheánú agus an chaoi go bhforbraíonn sé seo de réir mar a théann páistí ar aghaidh tríd an scoil. Leis an tuarascáil seo soláthraítear léargas faoin taithí a bhíonn ag páistí maidir le hobair bhaile agus le gníomhaíochtaí seach-churaclaim; chomh maith leis sin déantar iniúchadh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar churaclam agus ar chleachtais mheasúnaithe i scoileanna.
Áirítear leis an tuarascáil seo na torthaí suimiúla seo a leanas:
- An chaoi a múnlaíonn tuiscint na bpáistí ar a gcuid cumais agus a gcuid ‘éirime’ in ábhair éagsúla a dtaithí.
- An taithí a bhíonn ag páistí le hathdhéanamh agus le ró-ualú curraclaim agus iad ag dul ar aghaidh sa scoil.
- Straitéisí measúnaithe a chuireann páistí i bhfeidhm agus a bhfuil taithí acu orthu, agus eispéiris leanaí ar imní faoi téacsanna agus iad ag dul ar aghaidh sa bhunscoil.
- An tábhacht a bhaineann le hiontaoibh, cumarsáid agus caidrimh idir teaghlaigh agus scoileanna chun tacú le dul chun cinn na bpáistí sa bhunscoil.
- Chun an tuarascáil seo agus tuarascálacha roimhe seo a léamh nó chun tuilleadh eolais a aimsiú faoin staidéar maidir le ‘Saol Scoile Páistí’ téigh go https://cslstudy.ie/ga/