An Tríú Tuarascáil Taighde ó Ollscoil Luimnigh

Foilseofar tuarascáil nua a eascraíonn as Tuarascáil Taighde Ollscoil Luimnigh go gairid. Déantar iniúchadh ann ar thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach.

27 Bealtaine, 2024

An Tríú Tuarascáil Taighde ó Ollscoil Luimnigh

Foilseofar an tríú tuarascáil eatramhach ón staidéar taighde Iniúchadh ar thabhairt isteach an Chreata don tSraith Shóisearach: Staidéar fadaimseartha go gairid.

  

Is í an tuarascáil eatramhach seo an tríú tuarascáil de shraith tuarascálacha ón staidéar fadaimseartha seo a dhéanann iniúchadh ar chur i bhfeidhm, cur i láthair agus tionchar an Chreata don tSraith Shóisearach in iar-bhunscoileanna in Éirinn. Léirítear sa tuarascáil torthaí ón dara céim d’agallaimh le príomhoidí na scoileanna, agus baintear leas as agallaimh a rinneadh i sampla ionadaíoch de scoileanna agus as na sonraí ó shuirbhé na múinteoirí i sampláil de 100 scoil.  

 

Is staidéar spreagúil é an taighde fadaimseartha ceithre bliana seo, a cuireadh ar bun i ndeireadh 2020 agus atá bunaithe ar shampla scoileanna a dhéanann ionadaíocht ar an tír ar fad, agus is é is aidhm leis dearcthaí agus eispéiris múinteoirí, príomhoidí, scoláirí, tuismitheoirí agus páirtithe leasmhara níos leithne an oideachais a fháil ar an gCreat don tSraith Shóisearach, 2015. Tá an taighde idir lámha, thar ceann CNCM, ag foireann taighde in Ollscoil Luimnigh a bhfuil an taithí chuí acu, agus baintear leas ann as saineolas suntasach, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar thaighde fadaimseartha.  

 

Tá tuilleadh eolais faoin Staidéar Taighde ar fáil anseo   

Léigh an tuarascáil anseo

Léigh na tuarascálacha a foilsíodh roimhe seo: Tuarascáil Eatramhach 2 agus Tuarascáil Eatramhach 1 

Faigh an t‑eolas is déanaí faoin staidéar spreagúil seo ach muid a leanúint @ncca agus @JCFstudyUL