Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

San eagrán seo de info@ncca, cuirimid beirt den fhoireann a oibríonn ar fhorbairtí curaclaim agus measúnaithe i CNCM in aithne. Cuir aithne ar a gcuid scéalta, ar a gcuid paisean, agus ar na turais a thug go dtí an áit ina bhfuil siad sa lá atá inniú ann.

27 Bealtaine, 2024

Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

An Dr Derek Grant, Stiúrthóir Curaclaim agus Measúnachta  

In 2016, thosaigh mé ag obair in CNCM mar Oifigeach Oideachais agus mé ar iasacht ó mo scoil i gceantar tuaithe i gContae an Chabháin, chun oibriú ar Athbhreithniú agus Athfhorbairt an Churaclaim Bunscoile.  Ba é an cúram a bhí orm ar dtús ná oibriú ar an gcomhairliúchán ina ndearnadh machnamh ar na moltaí faoi struchtúr agus méideanna ama an churaclaim amach anseo. Bhí líon níos lú ball foirne ag CNCM san am sin le hais na linne seo, ach is mar a chéile na réamhriachtanais maidir le hobair foirne agus comhpháirtíocht inár gcuid oibre ar fad i gcónaí. 

 

Bhí na poist a bhí agam roimhe seo mar leas-phríomhoide agus príomhoide, mar aon leis an obair a rinne mé in Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus an staidéar dochtúireachta a rinne mé, thar a bheith luachmhar dom mar Oifigeach Oideachais, agus mar Stiúrthóir ó bhí 2019 ann. D’oibrigh mé ar fhorbairtí curaclaim luath-óige, Teimpléid Tuairiscithe Mo Scéal agus nuashonrú Aistear ina measc, rudaí a thug tuiscint mhaith dom ar fhoghlaim, ar fhorbairt agus ar fholláine babaithe, naíonán agus páistí óga. Faoi láthair, tá mé éirithe as bheith ag plé le forbairtí luath-óige ionas gur féidir liom díriú go hiomlán ar athfhorbairt an churaclaim bunscoile, an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile ina measc.  

 

Bhí go leor buaicphointí ann ó thosaigh mé ag obair le CNCM, ach seasann seoladh Chreatchuraclam na Bunscoile i mí an Mhárta 2023 amach mar éacht stairiúil i mbunoideachas agus in oideachas speisialta na hÉireann.  

 

Ba mhana é ‘Is your journey really necessary?’ a úsáideadh i rith an Dara Cogadh Domhanda. Iarradh ar dhaoine stopadh agus machnamh a dhéanamh ar cé acu a bhí a dtosaíochtaí san ord ceart acu nó nach raibh. In CNCM, d’fhéadfainn a bheith ag dul i gcomhairle le gairmithe agus le múinteoirí luathbhlianta, i mbun taighde, ag dréachtú téacs le haghaidh sonraíocht churaclaim, ach bíonn an cheist sin ar bharr mo chuimhne i gcónaí, agus mé ag déanamh machnamh ar cheisteanna agus ar threochtaí reatha sa churaclam in Éirinn.  

 


Mary-Elaine Tynan, Oifigeach Oideachais

Bhain mise céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tar éis dom staidéar a dhéanamh ar Bhéarla agus ar Fhraincis agus bhain mé MA amach i Litríocht agus i nDrámaíocht. D’oibrigh mé mar mhúinteoir meánscoile i mBaile Átha Cliath ar feadh roinnt blianta agus mhúin mé Béarla, Fraincis, OSSP agus Drámaíocht.  

 

Thosaigh mé ag obair in CNCM in 2018 mar Oifigeach Oideachais agus chaith mé mo chéad chúig bliana ag obair ar shonraíochtaí nua teanga don Ardteistiméireacht: Polainnis, Liotuáinis, Portaingéilis, Mandairínis agus Araibis. Ó bhí 2022 ann, nuair a d’fhógair an tAire go raibh dhá ábhar nua le tabhairt isteach don Ardteistiméireacht, bhí mé in ann úsáid as bhaint as ar fhoghlaim mé agus mé i mbun staidéar ar chúrsaí amharclannaíochta agus drámaíochta agus as an dúil atá agam i scannánaíocht, i mo chuid oibre ar fhorbairt Dhrámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht na hArdteistiméireachta. Bhí mé ag díriú ar an méid sin le 18 mí anuas, mar aon le grúpaí oibre a bhíonn ag plé le liostaí téacsanna Béarla. Tá sé thar a bheith spreagúil a fheiceáil go bhfuil an t‑ábhar nua seo beagnach críochnaithe agus táim ag súil go mór lena chur i bhfeidhm i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2025 den chéad uair. 

 

Agus mé ag cur le mo thaithí sa seomra ranga, bhí róil oideachais agam i roinnt eagraíochtaí freisin, ina measc an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí (SSM), an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) agus an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí (NIPT) agus mar stiúrthóir PME sa Scoil Oideachais i gColáiste na Tríonóide.  Sular thosaigh mé ag múineadh in Éirinn, chaith mé roinnt blianta iontacha san Astráil agus ag teagasc i scoil sa Tansáin, gar do bhunchnoc Kilimanjaro. 

 

Nuair nach mbím ag obair, tá beirt pháistí agam a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil, mar sin, labhraímid go leor Gaeilge sa bhaile. Beidh m’iníon ag tosú ar an meánscoil i mí Mheán Fómhair agus táim an-dóchasach go mbeidh an deis aici lá éigin an curaclam nua a dhéanamh, is é sin an curaclam nua Drámaíochta, Amharclannaíochta agus Scannánaíochta. Tá dúil agam sna hEalaíona agus is maith liom píosa beag scríbhneoireachta a dhéanamh chomh maith le cláir faisnéise raidió nuair a bhíonn am le spáráil agam. Thosaigh mé ag déanamh taecuando freisin 18 ó shin agus is spórt iontach é a chuireann ar mo chumas rud éigin atá go hiomlán difriúil a dhéanamh agus tá súil agam go gcoinneoidh sé an phian agus an tinneas a bhaineann leis an tseanaois ó dhoras...