Léiriú Spéise le haghaidh iar-bhunscoileanna

Eisíodh léiriú spéise chuig gach iar-bhunscoil ina dtugtar deis do na scoileanna a bheith lárnach sa phróiseas a bhaineann le forbairtí curaclaim.

27 Bealtaine, 2024

Léiriú Spéise le haghaidh iar-bhunscoileanna

Le 18 mí anuas, d’oibríomar le hos cionn 130 scoil, agus chinntíomar go bhfuil na scoileanna rannpháirteach go díreach sa phróiseas a bhaineann le forbairt an churaclaim ó chéim níos luaithe. Mar shampla, feicfidh tú roinn i ngach ceann de na cáipéisí eolais a foilsíodh le gairid ar ncca.ie le haghaidh ábhair na hArdteistiméireachta i dTráinse 2 atá dírithe ar achoimre a chur ar fáil ar na léargais a bailíodh trí shraith cuairteanna ar scoileanna. Chuidigh sé sin linn a chinntiú go bhfuil ár bhforbairtí curaclaim bunaithe ar a bhfuil ar siúl ag na scoileanna i ndáiríre agus ar a bhfuil siad in ann a dhéanamh chun feabhas a chur ar an eispéireas oideachasúil don scoláire sa tsraith shinsearach.  
 
Táimid ar thóir léirithe spéise faoi láthair lena chinntiú go leanfaidh scoileanna ar aghaidh de bheith rannpháirteach trí bhunachar sonraí a fhorbairt de scoileanna ag a bhfuil spéis páirt a ghlacadh inár bhforbairtí curaclaim agus measúnaithe. Is iondúil go mbeadh rannpháirtíocht le do scoil i gceist le linn na céime ina mbíonn an curaclam á mhúnlú, chun go bhféadfá do thuairim a chur in iúl ar na príomhcheisteanna a shainaithint a bhfuil machnamh le déanamh orthu maidir le hathfhorbairt ábhair agus maidir le haiseolas a chur ar fáil ar dhréachtsonraíochtaí curaclaim le linn na gcomhairliúchán. 
 
Is é cuspóir na gairme seo ar na léirithe spéise ná a fháil amach cé na réimsí den churaclam a mbeadh suim ag do scoil a bheith rannpháirteach iontu le haghaidh tionscadail amach anseo, lena n‑áirítear athfhorbairt ábhair na hArdteistiméireachta i dtráinse 3, an comhairliúchán ar Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, agus an t-athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath ábhar chéim 5 den tSraith Shóisearach.  

Beidh bunachar sonraí an léirithe spéise ón ngairm seo beo go dtí an 30 Márta 2026.