Liostaí téacsanna nua ar fáil le haghaidh Bhéarla, Spáinnis agus Iodáilis na hArdteistiméireachta

Oibríonn CNCM le múinteoirí chun liostaí téacsanna nua a chur i gcrích le haghaidh réimse ábhar, Béarla, Iodáilis agus Spáinnis na hArdteistiméireachta ina measc, atá beo anois.

27 Bealtaine, 2024

Liostaí téacsanna nua ar fáil le haghaidh Bhéarla, Spáinnis agus Iodáilis na hArdteistiméireachta

Tá liostaí téacsanna nua le haghaidh Bhéarla, Spáinnis agus Iodáilis na hArdteistiméireachta ar fáil ar líne anois. D’fhoilsigh an Roinn Oideachais iad sin i gciorcláin (nasc thíos). 

Grúpaí oibre a thugann CNCM le chéile a ghineann liostaí téacsanna agus is í an Roinn Oideachais a fhoilsíonn iad i gciorcláin. Bíonn múinteoirí atá i mbun teagaisc sna grúpaí oibre sin agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh speisialtóirí agus saineolaithe eile ar litríocht do pháistí agus d’aosaigh óga leo freisin. Baineann na múinteoirí atá i mbun teagaisc leas as a n‑ardinniúlacht agus as a dtaithí san obair thábhachtach seo agus cuireann siad am suntasach i leataobh chun líon mór téacsanna a léamh, a anailísiú agus a mheasúnú chun liosta a chur i dtoll a chéile.  

1.    Tá na liostaí nua sin ar fáil i gCiorclán 0016/2024 le haghaidh Bhéarla na hArdteistiméireachta agus i gCiorclán 0026/2024 le haghaidh Spáinnis agus Iodáilis na hArdteistiméireachta. 

2.    Fáiltíonn CNCM roimh aiseolas ar na liostaí téacsanna reatha, agus roimh mholtaí agus comhairle faoi théacsanna lena meas agus lena gcur ar liostaí amach anseo. Táimid thar a bheith buíoch go bhfuil suim ghníomhach ag múinteoirí, scoláirí, tuismitheoirí agus ag go leor daoine eile sna téacsanna ar mhaith leo go ndéanfadh ár n-aos óg staidéar orthu. Dá mba mhaith leat téacs a mholadh le haghaidh liostaí Béarla agus/nó Gaeilge amach anseo, déan teagmháil linn trí na foirmeacha a chomhlánú ag na naisc seo a leanas: 

 

Liostaí T1 - Moltaí do liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 (office.com) 

Liostaí T2 - Moltaí do liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T2 (office.com) 

Béarla na Sraithe Sóisearaí

Béarla na hArdteistiméireachta

 

Déanann an grúpa oibre ábhartha machnamh ar gach píosa aiseolais agus gach aighneacht le linn dóibh a bheith ag déanamh athbhreithniú agus nuashonrú ar an rogha téacsanna le haghaidh grúpaí scoláirí ina dhiaidh seo.