Tuarascálacha Comhairliúcháin Chéim 2 maidir le Aistear a Nuashonrú

Bhí comhairliúchán ar na dréacht mholtaí le haghaidh Aistear nuashonraithe ar siúl idir Meán Fómhair agus Nollaig 2023. Foilsíodh dhá thuarascáil chomhairliúcháin ina roinntear an méid a bhí le rá ag babaithe, naíonáin, páistí óga, tuismitheoirí, oideoirí luath-óige agus páirtithe leasmhara eile faoi na dréacht mholtaí.

27 Bealtaine, 2024

Tuarascálacha Comhairliúcháin Chéim 2 maidir le Aistear a Nuashonrú

Cuirtear torthaí an chomhairliúcháin ar na dréacht‑mholtaí le haghaidh Aistear nuashonraithe i láthair in dhá thuarascáil. Is é CNCM a scríobh an chéad cheann acu seo agus léirítear inti na torthaí ó na sonraí a bailíodh trí na ceistneoirí ar líne, trí aighneachtaí scríofa agus trí fhócasghrúpaí. Glacadh go maith leis na moltaí. Go sonrach, thaitin le rannpháirtithe an chomhairliúcháin gur leagadh béim ar chearta agus ar chumas gníomhúcháin na mbabaithe, na naíonán agus na bpáistí óga i gcás na hoideolaíochta caidreamhaí agus na hinbhuanaitheachta. Bhí aiseolas an‑dearfach ann freisin faoi úsáid na bhfocal agus na bhfrásaí Gaeilge ar fud an dréachta den Aistear nuashonraithe. Is féidir an chéad tuarascáil a léamh anseo 

 

Leagtar amach sa dara tuarascáil chomhairliúcháin na torthaí a bailíodh ó bhabaithe, ó naíonáin agus ó pháistí óga. Foireann ina raibh baill ó Ollscoil Mhá Nuad, ó Luath-óige Éireann agus ó Choláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis a thug faoin gcomhairliúchán seo. Léirítear sna torthaí an tábhacht a bhaineann le caidrimh agus le hidirghníomhaíochtaí, agus le súgradh agus eispéiris phraiticiúla do bhabaithe, do naíonáin agus do pháistí óga. Is féidir an dara tuarascáil a léamh anseo 

 

Léirítear sa dá thuarascáil go n-aontaítear go láidir leis an gcur chuige bunaithe ar chearta sa chreat nuashonraithe, agus deimhnítear iontu an tábhacht go mbainfeadh na babaithe, na naíonáin agus na páistí óga ar fad sásamh agus leas as eispéiris ardchaighdeáin. Tugtar teachtaireachtaí soiléire freisin sna torthaí faoin tábhacht a bhaineann le coincheapa na hilchineálachta, an chothromais agus an ionchuimsithe a leabú in Aistear. 

 

Tá CNCM ag baint úsáid as torthaí an chomhairliúcháin chun cuidiú leis na nuashonruithe ar Aistear a chur i gcrích. Foilseofar an creat níos déanaí i mbliana, faoi réir chead an Aire.