Ábhair agus cláir nua agus athbhreithnithe arna bhfoilsiú

D’fhoilsigh CNCM ábhair nua agus athbhreithnithe don Ardteistiméireacht agus Cláir nua agus athbhreithnithe don tSraith Shinsearach le déanaí.

21 Deireadh Fómhair, 2024

Ábhair agus cláir nua agus athbhreithnithe arna bhfoilsiú

Agus iad faofa ag an Aire Oideachais Norma Foley TD le déanaí, foilsíodh ábhair nua agus athbhreithnithe don Ardteistiméireacht agus Cláir nua agus athbhreithnithe don tSraith Shinsearach, agus tá siad ar fáil ar Curaclam ar Líne. Áirítear orthu sin sonraíochtaí curaclaim le haghaidh naoi n ábhar sa tSraith Shinsearach; Bitheolaíocht; Fisic; Ceimic, Gnó, an Araibis, an tSean-Ghréigis agus an Laidin, chomh maith le dhá ábhar nua, Drámaíocht, Amharclannaíocht agus Scannánaíocht agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Cuirfear tús leis na hábhair nua agus athbhreithnithe i scoileanna an bhliain seo chugainn, do scoláirí a bheidh ag tosú sa chúigiú bliain i scoilbhliain 2025/2026.


Foilsíodh Ráiteas úr Chlár na hIdirbhliana freisin. I gcaitheamh na scoilbhliana 2024/25, beidh an deis ag gach scoil iniúchadh a dhéanamh ar a dtairiscint Idirbhliana faoi láthair agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi más gá i gcomhréir leis an Ráiteas Cláir.


Ina theannta sin, foilsíodh sonraíocht nua le haghaidh Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sinsearaí agus tá go dtí Meán Fómhair 2027 ag scoileanna chun é a thabhairt isteach do scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain, cé is moite díobh siúd a leanann clár na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF). Beidh feidhm ag an athrú sin le haghaidh gach scoláire ATF a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2025, agus tiocfaidh sé in ionad Mhodúil I agus II in Oideachas Sóisialta de chlár ATF.


Anuas air sin, foilsíodh Ráiteas do Chlár Foghlama Leibhéal 1 agus 2 agus modúil tosaigh don tSraith Shinsearach den chéad uair riamh le haghaidh scoláirí áirithe ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais. Tá Cláir Foghlama nua Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 ar fáil ón scoilbhliain seo ar aghaidh lena gcur i bhfeidhm i scoileanna.