Ar chuir tú do thuairimí in iúl?!

Idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh, thug CNCM cuireadh d’aon duine ag a raibh spéis sa bhunoideachas agus san oideachas speisialta a gcuid tuairimí a chur in iúl ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile. Tar éis an ardleibhéil rannpháirtíochta sa chomhairliúchán, bhíomar gnóthach ag déanamh anailís ar a raibh le rá agaibh faoin dréachtchuraclam.

21 Deireadh Fómhair, 2024

Ar chuir tú do thuairimí in iúl?!

Tá an comhairliúchán seo faoi thodhchaí an Churaclaim Bunscoile ar siúl sa bhliain chéanna agus a dhéanaimid ceiliúradh ar 25 bliain de Churaclam 1999. Bailíodh méid mór aiseolais le linn an chomhairliúcháin agus táimid ar tí an anailís ar an aiseolas sin a chur i gcrích, rud a chuirfear i dtuarascáil a fhoilseofar ar www.ncca.ie níos déanaí i mbliana. Thug Institiúid Oideachais Marino faoi chomhairliúchán ar leith freisin le páistí i 14 cinn de bhunscoileanna agus scoileanna speisialta. Foilseofar tuarascáil ar an gcomhairliúchán sin ar www.ncca.ie níos déanaí i mbliana.

Le linn an chomhairliúcháin, bhíomar ag iarraidh freagraí a fháil óna oiread daoine aonair agus eagraíochtaí agus ab fhéidir. Is amhlaidh a fuair, agus chuir na rannpháirtithe raon leathan dearcthaí ar fáil. Bhuaileamar le múinteoirí agus ceannairí scoile i suíomhanna éagsúla le linn seacht n‑imeacht fócasghrúpa chomh maith le seacht bhfócasghrúpa eile ar líne. D’oibrigh 25 bunscoil agus scoil speisialta i gcúig líonra dhifriúla chun aiseolas mionsonraithe a chur ar fáil. Ba í Staid Pháirc an Chrócaigh an t‑ionad tionóil le haghaidh Comhdháil Chomhairliúcháin i mí Aibreáin agus d’fhreastail thart ar 200 páirtí leasmhar uirthi. Reáchtáladh cruinnithe déthaobhacha le 11 eagraíocht leasmhara oideachais, agus fuaireamar díreach os cionn 2,000 freagra ar ár gceistneoirí ar líne agus díreach faoi bhun 1,000 aighneacht.

Mar a thaispeánfar sa tuarascáil atá le teacht, léirítear sna torthaí go gcuirtear fáilte roimh na dréachtsonraíochtaí curaclaim ar an mórgóir, agus go bhfuiltear idir thógtha agus dearfach faoi athfhorbairt agus nuachóiriú an churaclaim, agus san am céanna cuirtear aiseolas fóinteach tairbheach ar fáil maidir le hinrochtaineacht na gcáipéisí. Leis an aiseolas sin cuirfear bonn eolais faoinár gcuid oibre agus beidh sé ina threoir di agus muid ag cur bailchríoch ar na sonraíochtaí.