Comhionannas i Saol Scoile Páistí: Tionchar an Chúlra Shóisialta

San ochtú tuarascáil ón staidéar Saol Scoile Páistí, déantar scrúdú ar ‘Chomhionannas’, agus ar an gcaoi a dtéann saibhreas, bochtaineacht, stádas sóisialta agus muintearas i bhfeidhm ar eispéiris oideachais agus féiniúlachtaí páistí. Bunaithe ar eispéiris nach mór 4,000 páiste ar fud na hÉireann (2019-2023), tarraingítear aird sa tuarascáil seo ar thionchar na héagothroime ar a mbunoideachas agus ar a gconairí amach anseo.

21 Deireadh Fómhair, 2024

Comhionannas i Saol Scoile Páistí: Tionchar an Chúlra Shóisialta

I dTuarascáil 8a ón tsraith taighde Saol Scoile Páistí, dar teideal Equalities in Children’s School Lives (2019–2023) - The Impact of Social Background, arb í an chéad tuarascáil í as trí cinn ar an téama seo, fiosraítear an chaoi a dtéann cúlra sóisialta i bhfeidhm ar eispéiris na bpáistí i mbunscoileanna na hÉireann. Bunaithe ar shonraí ó nach mór 4,000 páiste ó 189 scoil, mar aon le hionchur ó mhúinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí, agus seantuismitheoirí, nochtar príomhléargais sa staidéar ar údair éagothroime in oideachas na bpáistí.

Tarraingítear aird sa tuarascáil ar an gcaoi arb iad cúinsí sóisialta na bpáistí a mhúnlaíonn a n inniúlacht chun tairbhe a bhaint as an oideachas. Is fíor sin go háirithe i gcás páistí atá i mbaol bochtaineachta, i luathbhlianta a n oideachais go sonrach, blianta atá ríthábhachtach don fhoghlaim amach anseo.


Tarraingítear aird sa tuarascáil ar roinnt príomhthorthaí:

  • Léiríonn bochtaineacht agus saibhreas i saol páistí patrúin shochaíocha níos leithne.
  • Tá ról ríthábhachtach ag bunscoileanna i dtaobh tacú le leas páistí ó theaghlaigh níos boichte.
  • Is é is dóichí go nglacfaidh páistí ó theaghlaigh níos saibhre páirt i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim agus go mbeidh an t ardoideachas mar mhianaidhm acu.
  • Cé gur ann don mhíbhuntáiste sóisialta ar fud scoileanna DEIS agus neamh-DEIS araon, ba mhinice a thuairiscigh páistí i scoileanna DEIS mothúcháin imní agus buartha, go háirithe páistí sa chohórt ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Dó.
  • Is minic a bhíonn muinín níos ísle ag páistí ó theaghlaigh níos boichte as a n inniúlachtaí acadúla, go háirithe agus iad ag dul ar aghaidh tríd an mbunscoil. Is minice a chuirtear i ngrúpaí inniúlachta níos ísle iad, go háirithe tar éis na paindéime.
  • Ní hionann na cleachtais bainistithe smachta agus iompraíochta i scoileanna DEIS agus scoileanna neamh-DEIS.
  • Luaitear sa staidéar freisin gur dúshlán nach beag é aird páistí ag a bhfuil riachtanais shóisialta chasta a mhealladh ar scoil. 

Is féidir tuilleadh eolais faoi thorthaí an staidéir a fháil ar https://cslstudy.ie/.