Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

San eagrán seo de info@ncca, cuirimid beirt eile den fhoireann a oibríonn ar fhorbairtí curaclaim agus measúnaithe in CNCM in aithne. Léigh faoina gcuid scéalta, a gcuid paisean, agus na turais a thug iad go dtí an áit ina bhfuil siad sa lá atá inniu ann.

21 Deireadh Fómhair, 2024

Cuir aithne ar na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim na hÉireann

An Dr Patrick Sullivan, Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin 
‘If we teach today’s students as we taught yesterday’s, we rob them of tomorrow.’ Tá na focail sin a scríobh John Dewey breis agus céad bliain ó shin fós ábhartha i mo chuid oibre le CNCM. Agus mé á léamh, smaoiním ar pháistí an lae inniu agus ar an domhan a gcuideoidh siad lena mhúnlú sna blianta amach romhainn agus fiafraím díom féin conas ba cheart an curaclam a fhorbairt chun iad a ullmhú do thodhchaí aineoil.


Sular thosaigh mé ag obair le CNCM, bhí mé i mo phríomhoide bunaidh ar bhunscoil nua san Uaimh i gContae na Mí. Ba dhúshlán ollmhór é tosú amach gan foirgneamh, éide scoile, polasaithe, rolluithe, ná curaclam áitiúil, ach b’iontach na féidearthachtaí a bhí ann freisin. B’iontach luachmhar dom an tráth sin an taithí a fuair mé roimhe mar mhúinteoir ranga i Scoil Náisiúnta Bhaile na gCailleach i gCeann Chlochair, Co. Lú, áit ar fhoghlaim mé ó chomhghleacaithe ardinniúla.


I mo cháil mar phríomhoide, d’fhorbair mé spéis mhór i bhforbairt curaclaim. D’fhreastail ár scoil nua ar phobal éagsúil, agus bhí mé meáite ar a chinntiú go mbraithfeadh gach páiste agus teaghlach go raibh ionadaíocht acu i gcuraclam na scoile. In 2013, thosaigh mé le CNCM agus d’oibrigh mé ar roinnt mhaith de na mórfhorbairtí curaclaim a tharla le blianta beaga anuas. Le hais mo chuid oibre gairmiúla, chríochnaigh mé mo Dhochtúireacht in 2018. Is mór an tairbhe agus an sásamh dom é cothromaíocht a bhaint amach idir saol oibre dúshlánach agus staidéar breise, maille le tiomantais teaghlaigh agus iarrachtaí spóirt.

 
I mo cháil mar Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, déanaim maoirseacht ar an luath-óige agus ar bhunfhorbairtí, ina measc an nuashonrú ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-óige agus athfhorbairt Churaclam na Bunscoile. Ar cheann de na gnéithe is mó a thaitníonn liom faoi mo chuid oibre, tá an plé le daoine a bhfuil dearcthaí éagsúla acu ar an méid ba cheart dár gcuraclam a dhéanamh dár bpáistí agus don tsochaí. Is iad na hidirghníomhaíochtaí sin a chuidíonn liom díriú ar chuspóir an luathoideachais agus an bhunoideachais agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil ag teastáil ó pháistí an lae inniu agus ar a bhfuil tuillte acu, agus muid ag breathnú i dtreo na todhchaí a gcuideoidh siad lena múnlú.

------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------ 

An Dr David King, Oifigeach Oideachais
Thosaigh mise le CNCM in 2019 tar éis dom a bheith ag obair i Seirbhís Tacaíochta na Sraithe Sóisearaí do Mhúinteoirí mar Chomhairleoir agus Ceannaire Foirne le haghaidh Eolaíocht na Sraithe Sóisearaí, agus roimhe sin mar mhúinteoir Eolaíochta i bPobalscoil na hAbhann Móire ar an Lios Mór, in iarthar Phort Láirge. Is céimí san Oideachas Eolaíochta mé ó Ollscoil Luimnigh, rinne mé mo Mháistreacht san Oideachas in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus bhain mé dochtúireacht ghairmiúil san oideachas amach in Ollscoil Sheffield. Ba é fócas mo chuid staidéir dochtúireachta ná achtú beartais curaclaim agus is réimse é sin a chothaigh mo chuid spéise agus mo chuid caidéise ón tráth a bhí mé sa seomra ranga, trí mo chuid oibre in CNCM agus ag gach céim de mo ghairm bheatha.

 
Chaith mé blianta fada ag déanamh meantóireacht ar scoláirí aonaigh eolaíochta le haghaidh aontaí eolaíochta réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba dheas liom i gcónaí an úinéireacht, an spleodar agus an fuinneamh a thug na scoláirí leo ina dtionscadail a fheiceáil, mar aon le tionchar an phróisis ar a nósanna intinne. Bhí an fonn sin chun díograis agus paisean don eolaíocht agus don fhoghlaim a chothú i ndaoine óga ina cheann feadhna ar mo ghairm bheatha.


Ag forbairt ar mo chuid eispéireas sa seomra ranga, bhí baint agam le forbairtí curaclaim in eolaíochtaí na sraithe sinsearaí, go háirithe an Bhitheolaíocht agus an Eolaíocht Talmhaíochta. Bhain mé leas freisin as mo chuid eispéireas sa teagasc agus san fhoghlaim idirdhisciplíneach chun tacú le hábhar nua Ardteistiméireachta a fhorbairt – Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe. Is aoibhinn liom an obair a dhéanaimid i mo chroí istigh agus braithim go bhfuil sé de phribhléid agam dul i mbun plé le comhghleacaithe inár meithleacha forbartha, chomh maith le scoláirí, múinteoirí, ceannairí scoile agus páirtithe leasmhara eile ar fud na hÉireann agus muid ag déanamh machnamh ar fhoghlaim, deiseanna agus eispéiris daoine óga inár scoileanna amach anseo.

 
Taobh amuigh den obair, is iomaí paisean atá agam, ina measc cóitseáil sacair, ceol, corpacmhainn agus scríbhneoireacht scéalta. Táim ag cur fúm in Oirthear Chorcaí le mo bhean chéile agus cúigear páistí, agus iad uile ag céimeanna éagsúla den bhunscoil agus den iar-bhunscoil. Idir an obair agus an baile, bíonn gach lá difriúil agus bíonn gach lá mar a bheadh lá scoile ann!