Uirlisí Úsáide CMB: Sraith nua de thacaíochtaí Snáithaonaid

Tá sraith d’Ábhair Thacaíochta do gach Snáithaonad de Churaclam Matamaitice na Bunscoile ar fáil anois. I measc na dtacaíochtaí sin tá moltaí praiticiúla agus cruthaitheacha do mhúinteoirí agus iad ag tacú le páistí oibriú i dtreo Torthaí Foghlama i ngach ceann de na 15 Shnáithaonad.

21 Deireadh Fómhair, 2024

Uirlisí Úsáide CMB: Sraith nua de thacaíochtaí Snáithaonaid

Rinne CNCM na hUirlisí Úsáide do Mhatamaitic na Bunscoile a thabhairt cothrom le dáta chun sraith d’Ábhair Thacaíochta a chuimsiú do gach Snáithaonaid i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile

  1. Moltaí maidir le foghlaim na bpáistí – cuimsítear leis sin smaointe agus moltaí do mhúinteoirí chun eispéiris foghlama spraíúla mhealltacha a chur ar fáil laistigh de gach Snáithaonad. Cuirtear i láthair iad de réir na nGnéithe – tuiscint agus ceangal; cumarsáid, réasúnaíocht; agus cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna. 
  2. Moltaí don teagasc – áirítear orthu moltaí praiticiúla do mhúinteoirí maidir leis an gcaoi ar féidir gach ceann de na cúig chleachtas oideolaíochta a chur i bhfeidhm chun cur le foghlaim na bpáistí laistigh de gach Snáithaonad.
  3. Moltaí maidir le príomhtheanga – sonraítear iontu foclóir matamaitice tábhachtach a bhaineann le gach Snáithaonad.
  4. Moltaí don timpeallacht foghlama – cuirtear smaointe ar fáil do mhúinteoirí iontu chun an timpeallacht foghlama a shaibhriú do pháistí. Cuimsíonn an timpeallacht sin an seomra ranga, an scoil ar fad agus an saol amuigh faoin aer.
  5. Moltaí don fhoghlaim sa bhaile – áirítear orthu smaointe praiticiúla agus moltaí is féidir le múinteoirí a roinnt le tuismitheoirí agus caomhnóirí chun tacú a thuilleadh le foghlaim mhatamaiticiúil a bpáistí sa bhaile agus í a threisiú.  

Forbraíodh na hábhair thacaíochta cúig chuid seo i gcomhar le múinteoirí bunscoile, agus béim á leagan ar shamplaí praiticiúla, smaointe agus moltaí a thairiscint lena gcuirtear eispéiris foghlama spraíúla mhealltacha ar fáil de réir mar a oibríonn páistí i dtreo Thorthaí Foghlama an Churaclaim. 

Is féidir teacht ar na hábhair thacaíochta sin, agus níos mó, ar https://www.curriculumonline.ie/ga-ie/primary/curriculum-areas/mathematics/