09 Aibreán, 2025
Blaganna Aistear
Féachann an blag seo ar uimhearthacht éiritheach i gcreatchuraclam nuashonraithe Aistear. Tá an Creat ag teacht le Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024 2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta a foilsíodh le déanaí agus roinneann sé an tuiscint go mbaineann uimhearthacht sa luath-óige le hiniúchadh agus forbairt scileanna, choincheapa, eolas agus thuiscint na matamaitice. Tríd an súgradh agus eispéiris phraiticiúla fhiúntacha, saibhrítear saol na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga le heispéiris uimhearthachta ina saol laethúil.
Tá caidrimh agus idirghníomhaíochtaí ríthábhachtach maidir le tacaíocht a thabhairt d’eolas agus tuiscint leanaí, lapadán agus leanaí óga ar an uimhearthacht. Is féidir le hoideoirí, ag glacadh le hoideolaíocht mhall chaidreamhach, tacú le deiseanna do naíonáin, do lapadáin agus do leanaí óga, agus na deiseanna sin a leathnú, chun feasacht a thógáil ar éagsúlacht na siombailí agus na gcoincheap uimhearthachta sa domhan thart orthu. Soláthraíonn an gnáthamh laethúil, a aistríonn idir saorshúgradh, súgradh treoraithe agus eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora, deiseanna d'oideoirí a thabhairt faoi deara nuair a chuireann leanaí, lapadáin agus leanaí óga suim i líon, cruth agus spás, méid nó toirt. I dteannta a chéile, is féidir le hoideoirí leis an leanbh, leis an lapadán nó leis an leanbh óg feasacht a thógáil ar na feidhmeanna tábhachtacha atá acu sin in eispéiris laethúla. Mar shampla, tá cúig shú talún níos mó ná dhá cheann, is leis an bpíosa adhmaid níos faide a dhéantar an droichead nó tá an liathróid miotail níos troime ná an barr buidéal corc sa chiseán taisce.
Tacaíonn na ceithre aidhm de Théama Taiscéalaíochta agus Smaointeoireachta Aistear le huimhearthacht éiritheach. Tríd an súgradh agus trí eispéiris spraíúla a eagraítear ar bhealach fiúntach agus taitneamhach, tagann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ar thuiscint ar choincheapa amhail meaitseáil, cur i gcomparáid, ordú, sórtáil, meastachán a dhéanamh, comhaireamh, feasacht ar spásúlacht, méid, meáchan, airde, fad, toilleadh, agus airgead.
Chun na haidhmeanna sin a bhaint amach go praiticiúil, ní mór timpeallacht chuimsitheach lán uimhearthachta agus matamaitice a chruthú. Is é sin go soláthraíonn oideoirí raon gríosaithe agus acmhainní atá oiriúnach d’aois agus staid na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga chun iniúchadh sábháilte a dhéanamh agus foghlaim faoi ról na huimhearthachta ina saol. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh míreanna sa timpeallacht foghlama le mothú, le comhaireamh, le sórtáil, le rangú agus le meá. I measc cuid de na míreanna sin tá: bréagáin chomhghlasáilte, bloic mhóra agus bheaga, cláir intlise, miosúir, míreanna mearaí, tacair sórtála, ábhair ealaíne, seanchloig, airgead, bréagáin inchruachta, coirníní le cur ar shnáithe, buicéid, spáda, spúnóga, liacha, cupáin, caipíní buidéil, sáspain, criathair, spúnóga, crúiscíní, citil, feadáin cairtchláir, caora péine, sliogáin mhara, blúirí ábhair, fonsaí, málaí pónairí, liathróidí, bíomaí, bloic, boscaí, bréagáin rothaí, tarracóirí, leantóirí, trírothaigh, rothair chothromaithe, sleamhnáin, frámaí dreapadóireachta, bréagáin marcaíochta, bréagáin tarraingthe agus brú, sleamhnáin agus frámaí. Is liosta le háireamh é!
Ba cheart d’oideoirí a chinntiú go mbíonn éagsúlacht leabhar, ina ndírítear ar choincheapa a bhaineann leis an uimhearthacht agus ar theanga na matamaitice, sa timpeallacht foghlama, laistigh agus lasmuigh. Mar shampla, iniúchadh a dhéanamh ar an gcoincheap ‘beag, meánmhéide agus mór’ tríd an scéal Cinnín Óir agus na Trí Bhéar. D’fhéadfadh úsáid a bhaint as amhráin agus rannta do leanaí a chuimsíonn coincheapa matamaitice agus teanga na matamaitice i rith an lae a bheith an-éifeachtach chun tuiscint mhatamaiticiúil naíonán, na lapadán agus na leanaí óga a fhorbairt. Is féidir le hoideoirí aird a tharraingt ar uimhreacha sa timpeallacht freisin – fógraí, comharthaí, coimeádáin bia, fuinneoga siopaí, uimhreacha tí agus clárúcháin carranna. Tá gníomhaíochtaí amhail bácáil, siopadóireacht, cócaireacht agus garraíodóireacht an-úsáideach freisin chun meon dearfach a fhorbairt i leith na huimhearthachta agus chun teanga na matamaitice a úsáid ar bhealaí fiúntacha, mar shampla mór/níos mó/is mó, ard/níos airde/is airde, leathan/níos leithne/is leithne. Is féidir leis na gníomhaíochtaí sin tacú le tuiscint na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga go bhfuil an mhatamaitic tábhachtach agus úsáideach.
Cuireann Aistear nuashonraithe an uimhearthacht chun cinn mar chuid thábhachtach d’oideachas agus de chúram na luath-óige, ag cur ar chumas naíonán, lapadán, agus leanaí óga fiosrú, smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh ar bhealaí fiúntacha agus oiriúnacha ó thaobh na forbartha de. Sonraíonn an Creat ról an oideora ghníomhaíoch agus an chaoi a n-úsáideann siad a gcuid eolais agus scileanna chun Prionsabail agus Téamaí Aistear a léirmhíniú ina gcomhthéacs aonair. Tá aithne ag oideoirí ar na naíonáin, na lapadáin agus na leanaí óga lena n-oibríonn siad agus déanann siad an Creat a oiriúnú dá riachtanais agus dá n-ábhair suime. Trí na féidearthachtaí gan teorainn sa timpeallacht foghlama agus i bpobail áitiúla a fheiceáil, is féidir le hoideoirí uimhearthacht éiritheach a chothú agus tacú léi, ag cothú forbairt iomlánaíoch naíonán, lapadán agus leanaí óga.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.