Blaganna Aistear

#3: Aistear agus an Ghaeilge

12 Feabhra, 2025

Blaganna Aistear

Is é cuspóir chreatchuraclam nuashonraithe Aistear ná tacú le foghlaim agus forbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga. Sa bhlag seo, féachaimid ar conas a chuireann Aistear féiniúlacht chultúrtha agus teanga na naíonán, lapadán agus leanaí óga uile chun cinn ach ilchineálacht a dhearbhú agus tacú léi, lena n-áirítear cultúr agus stair agus scéal teanga na hÉireann. Chun cuidiú leis an gcuspóir seo a bhaint amach, áirítear leis an gCreat nuashonraithe focail agus nathanna cainte as Gaeilge chun tacú le hoideoirí agus teaghlaigh feasacht a chothú ar an nGaeilge trína húsáid go simplí i ngnáth-chomhráite.

In Aistear déantar focail as Gaeilge a rangú faoi cheithre chatagóir: Muintearas; Focail chorraitheacha; Súgradh; agus focail choitianta eile. Baintear úsáid as seanfhocail chun gach ceann de na cúig mhír sa Treoir don Dea-Chleachtas a chur i láthair.

Is sean-téarma Gaeilge é an focal corraitheach ‘Meitheal’, a úsáidtear in Aistear le cur síos ar an spiorad pobail a mhothaítear agus daoine ag teacht le chéile. Cuimsíonn sé coincheap an ‘mhuintearais’ agus béim ar lárnacht na gcaidreamh agus braistint an mhuintearais sa luath-óige. Mothaíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ciall an fhocail ‘meitheal’ nuair a fheiceann siad go bhfuil tábhacht agus luach acu i measc a bpobail. Agus tacaíocht agus cúram á dtabhairt dóibh ag daoine tábhachtacha ina saolta, is féidir, laistigh den chiorcal slándála seo, cur ar chumas naíonán, lapadán agus leanaí óga a bheith athléimneach agus taisce acmhainní a fhorbairt chun cabhrú leo dul i ngleic le dúshláin an tsaoil. Baineann Meitheal le Prionsabail Aistear maidir le luach a chur ar a leithéid de naisc le daoine eile agus leis an bpobal áitiúil. Cuirtear leis sin trí ómós áite a chothú, lena dtacaítear le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga féiniúlacht agus muintearas a aimsiú ina gceantar féin, agus fios a bheith acu gur cuid den spás sin iad agus go mbeidh siad freagrach de réir a chéile as cúram a dhéanamh de. Trí dhul i gcomhairle le teaghlaigh agus le hoideoirí le linn phróiseas nuashonraithe Aistear tarraingítear aird ar thábhacht an mhuintearais agus an rannpháirteachais sa phobal, go háirithe dóibh siúd atá tar éis bogadh go hÉirinn as tíortha eile. Cuidíonn feasacht ar an nGaeilge lena leithéid de naisc áitiúla a chruthú.

Léiríonn na focail chorraitheacha bród agus muinín an luach a bhaineann le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus iad ag fáil tuiscint ar a scéal féin. Leis sin cothaítear aoibhneas croí iontu de bharr iad a bheith in éineacht le cairde, i dtiúin leis an dúlra, agus saor ó thaobh ama agus spáis de. Nuair a tharraingítear aird agus fócas ar fhocail chorraitheacha amhail ionadh, grá, dóchas, agus a bheith misniúil, cuirtear fís Aistear in iúl maidir le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga atá gníomhaíoch, inniúil agus muiníneach. Tríd an nGaeilge a úsáid, neartaítear an tuiscint sin ar an bpáiste inniúil a thuilleadh maidir lena chumas agus a acmhainn nua a fheiceáil chun an teanga a fhoghlaim agus a úsáid.

Tá béim curtha ag Aistear ar shúgradh agus ar eispéiris spraíúla riamh. Nuair a úsáidtear an Ghaeilge le spraíúlacht agus spraoi bíonn naíonáin, lapadáin, leanaí óga agus a dteaghlaigh in ann sult agus tairbhe a bhaint as an teanga. Mar gheall ar éagsúlacht na n-oideoirí a phléann le Aistear, tacaíonn úsáid focal agus nathanna as Gaeilge leo an teanga a ghlacadh mar chuid d’oidhreacht chultúrtha agus teanga na hÉireann, a dtír dúchais / nua.

Trí mhuinín a chothú agus iad ag labhairt na bhfocal agus na nathanna sin, agus trí bheith fiosrach faoin nGaeilge le linn na luath-óige, leagtar bunchloch láidir maidir leis an bhfoghlaim agus cothaítear oscailteacht nádúrtha d’fhocail de chuid ár gcultúir, ár staire, agus ár dtodhchaí.

Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.

Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.