26 Feabhra, 2025
Blaganna Aistear
Tar éis comhairliúcháin leis an earnáil luathbhlianta (CNCM 2023; 2024), díríodh aird ar an ngá athshúil a thabhairt ar Théamaí, Aidhmeanna agus Spriocanna Foghlama chreatchuraclam bunaidh Aistear. Cloíonn Aistear (2024) leis na Téamaí céanna a bhí sa Chreat bunaidh: Folláine, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid, agus Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht. Tá cur síos sna Téamaí ar a bhfoghlaimíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga. Tá ceithre Aidhm ag baint le gach Téama. Ceann de phríomhathruithe ar an gCreat nuashonraithe is ea laghdú ar mhéid na Spriocanna Foghlama le haghaidh gach Aidhme. Baineadh na huimhreacha ó na Spriocanna Foghlama. Mar a bhí sa Chreat bunaidh, is ráitis leathana ach inbhraite na Spriocanna Foghlama go fóill lena gcuirtear brí sna meonta, dearcthaí agus luachanna tábhachtacha mar aon le scileanna, eolas agus tuiscint.
Sa bhlag seo fiosraítear an bhéim shonrach agus bheartaithe a chuirtear ar an bhfoghlaim amuigh faoin spéir sa Chreat nuashonraithe trí Aidhm nua faoin Téama Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht a chur leis: ‘Beidh deiseanna ag naíonáin, lapadáin agus leanaí óga foghlaim, nascadh leis an dúlra agus am fiúntach a chaitheamh amuigh faoin aer’.
Le ceann de Spriocanna Foghlama na hAidhme seo cuirtear síos ar conas is féidir tacú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ‘Naisc agus ómós áite a bhrath, trí bheith i láthair sa dúlra agus trí scéalta, seanchas agus súgradh a nascadh leis an oidhreacht áitiúil agus tuiscint níos doimhne á fáil acu ar an timpeallacht le linn na séasúr’. Leis an sprioc sin tarraingítear aird ar naisc leis an bpobal agus luach fhoghlaim iomlánaíoch na teanga, an chultúir agus na staire sa churaclam. Chomh maith leis sin, tagann sé le tuiscint ar an inbhuanaitheacht in Aistear, rud a dhíríonn ar conas a thacaítear le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga aire a thabhairt dóibh féin, do dhaoine eile agus don chomhshaol. Tacaíonn an Aidhm seo leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí thagairt a dhéanamh d'aon ghnó don ‘fhoghlaim faoin saol ar thalamh agus faoin saol ar uisce’, agus leis sin cruthaítear deiseanna do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga úsáid a bhaint as a gcumais nua chun aire a thabhairt don chomhshaol. Léiríonn sí an idirnascacht le Téama na Folláine trí am agus spás a chruthú agus a chur chun cinn ionas gur féidir le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a bheith faoi dhraíocht ag an saol nádúrtha trí thurgnaimh agus taiscéalaíocht a dhéanamh, ceisteanna a fhiafraí, scrúdú a dhéanamh agus plé leis an dúlra amuigh faoin aer.
Ónár mblag roimhe seo faoi na Prionsabail, is féidir a fheiceáil go gcuirimid an-luach ar an timpeallacht foghlama amuigh faoin aer in éineacht le súgradh agus leis an bhfoghlaim theagmhálach. Leis an Aidhm nua seo, tarraingítear aird ar na bealaí ar féidir curaclam a fhorbairt go cruthaitheach amuigh faoin aer trí bhéim a chur ar intinniúlacht na foghlama maidir le ‘dathanna, cruthanna, bolaithe, fuaimeanna agus gluaiseacht’ amuigh faoin aer. Aithnítear an luach atá le súgradh dúshlánach, gníomhach agus fiontrach amuigh faoin aer chun tacú leis an bhfolláine fhisiciúil agus shíceolaíoch agus chun misneach a fhoghlaim agus cúram a dhéanamh díobh féin. Cuirtear fáilte roimh oideoirí deiseanna foghlama a ghlacadh amuigh faoin aer sa cheantar ar fad, agus aird á tarraingt ar thuiscint na tábhachta a bhaineann leis an bhfoghlaim áitbhunaithe – maidir leis an dúlra, an stair, an tíreolaíocht, an scéalaíocht agus an seanchas. Tá an nasc leis an bpobal chomh maith le coincheap na Féiniúlachta agus an Mhuintearais fite fuaite sa Chreat.
Tarraingíonn Aistear aird ar eolas, scileanna agus inniúlachtaí an Oideora Ghníomhaíoch atá in ann brí a bhaint as Aidhmeanna agus Spriocanna Foghlama Aistear de réir an chomhthéacs ar leith. Cuireann an timpeallacht amuigh faoin aer neart eispéireas foghlama ar fáil do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga. Tríd an bhféidearthacht a aithint i spásanna amuigh faoin aer agus i bpobail áitiúla, is féidir le hoideoirí an fhoghlaim a threorú, gníomhaíochtaí spreagtha a leagan amach agus deiseanna taiscéalaíochta agus eachtra a eagrú. Agus iad ag roinnt an phléisiúir a bhaineann le foghlaim faoin dúlra, tugann siad cor dea-chinniúna agus iontas isteach sa churaclam éiritheach.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo