15 Eanáir, 2025
Blaganna Aistear
Tá nuashonrú déanta ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige (Rialtas na hÉireann, 2024) chun freagairt do phróifíl chomhaimseartha na hearnála luath-óige in Éirinn agus chun í a léiriú, agus chun freagairt d’athruithe sochaíocha agus beartais ó foilsíodh Aistear an chéad lá riamh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an méid is eol duit faoi Aistear go dtí seo ábhartha i gcónaí agus go dtógann an nuashonrú ar bhunchloch láidir Phrionsabail na luathfhoghlama agus na luathfhorbartha in Aistear atá súgradhbhunaithe agus faoi stiúir na leanaí.
Tá laghdú déanta ar Phrionsabail na luathfhoghlama agus na luathfhorbartha ó dhá phrionsabal déag go naoi bprionsabal agus ní chuirtear i láthair iad i dtrí ghrúpa a thuilleadh. Táthar tar éis na Prionsabail a thabhairt chun tosaigh agus béim leagtha ar thuiscint dhomhain a chothú ar an tábhacht a bhaineann leo sa Chreat. Tacaítear le gach Prionsabal trí léirmhíniú ar ghuth an linbh, ina mínítear a bhfuil tábhachtach dóibh. Má tá tuiscint ag an oideoir ar na Prionsabail seo agus meas aige orthu, is féidir leis curaclam agus gnáthaimh laethúla a fhorbairt atá in oiriúint do chearta, riachtanais agus spéiseanna naíonán, lapadán agus leanaí óga.
Leis an gcéad Phrionsabal, an ‘Saoránach gníomhaíoch domhanda’, déantar cur síos ar an gcaoi ar féidir naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a chumasú le roghanna agus cinntí a dhéanamh as a stuaim féin. Leabaítear tuiscint leis freisin ar an oideachas inbhuanaitheachta trína dtugtar tacaíocht dóibh cúram a dhéanamh díobh féin, de dhaoine eile agus den chomhshaol. Leis an dara Prionsabal, ‘Ilchineálacht, cothromas agus ionchuimsiú’, léirítear meas agus déantar ceiliúradh ar ilchineálacht an teaghlaigh agus an phobail agus, san am céanna, déantar na comhchosúlachtaí agus na naisc a thugann le chéile sinn a thabhairt faoi deara agus a mhóradh. Déantar cur síos leis ar an gcaoi a mbaineann ‘cothromas’ le cothroime agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin ar bith, sa chaoi go n ionchuimsítear gach naíonán, lapadán agus leanbh óg.
Leis an bPrionsabal ‘Caidrimh agus idirghníomhaíochtaí’, tarraingítear aird ar lárnacht na gcaidreamh le daoine eile agus an tábhacht a bhaineann le hoideolaíocht mhall chaidreamhach chun cúram a dhéanamh de naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus chun iad a chothú. Le ‘Teaghlaigh agus pobail’, déantar forbairt ar na caidrimh sin trí aitheantas a thabhairt do ról na dtuismitheoirí agus na dteaghlach ó thaobh tacú le foghlaim agus forbairt. Trí chaidrimh a chruthú leis an bpobal agus braistint meithle (muintearas) a fhorbairt, cuirtear luach, ní hamháin ar an timpeallacht foghlama níos leithne, ach ar an lúcháir a chuireann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ar dhaoine eile ina saol sóisialta freisin.
Leis an bPrionsabal ‘Oideoirí gníomhaíocha’, aithnítear dóibh siúd a úsáideann an Creat mar ‘oideoirí’, tuismitheoirí, feighlithe leanaí agus oideoirí luathbhlianta ina measc. Tugann gach oideoir aghaidh ar Aistear agus bonn eolais faoi mar gheall ar a chaidrimh leis an naíonán, leapadán agus leanbh óg, leis an teaghlach, lena chuid eolais agus taithí, agus mar gheall ar an gcur amach atá acu ar ghnéithe na dtimpeallachtaí éagsúla foghlama chomh maith.
Trí Phrionsabal nua a thabhairt isteach i dtaobh ‘Aistrithe’, tugtar aitheantas don tábhacht a bhaineann leis na tráthanna seo agus déantar aistriú ar na próisis mar chuid de agus idir na gnáthaimh laethúla a dtéann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga i ngleic leo, ó sheomra amháin go seomra eile agus ó shuíomh oideachasúil amháin go suíomh eile. Tríd an luas a laghdú agus trí mheas a léiriú ar a ndearcadh, déantar an próiseas aistrithe a threorú agus tarraingítear aird ar luach na cumarsáide agus an chomhoibrithe le daoine eile chun tacú leis na cineálacha éagsúla aistrithe.
Leis an bPrionsabal ‘Foghlaim agus Forbairt Iomlánaíoch’, coinnítear an teachtaireacht maidir leis an gcaoi a bhfoghlaimíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga rudaí nua ag an am céanna. Ag tarraingt ar ról an oideora, leagtar béim ar an intinniúlacht a bhaineann leis an gcuraclam éiritheach a phleanáil agus a fhorbairt chun freagairt do spéiseanna, mianta, riachtanais agus iontais éagsúla an naíonáin, an lapadáin agus an linbh óig. Ar an gcaoi chéanna, leis an bPrionsabal ‘Súgradh agus Foghlaim Theagmhálach’, tugtar aitheantas don lúcháir a bhaineann le bheith gníomhach, fiosrach, cruthaitheach, eachtrúil agus cróga i mbun súgartha. Pléitear ann an chaoi a bhféadfaí curaclam a fhorbairt ina mbeadh chumasc de shaorshúgradh, súgradh treoraithe agus eispéiris spraíúla faoi stiúir an oideora. Leis an bPrionsabal ‘Timpeallachtaí foghlama’, samhlaítear na spásanna agus acmhainní fisiciúla, na gnáthaimh laethúla, na haistrithe agus na caidrimh mar nithe atá idirnasctha agus fite fuaite lena chéile agus mar ardán don fhoghlaim agus don fhorbairt. Tá tagairt athnuaite agus shonrach ann don timpeallacht foghlama allamuigh agus don chaoi ar féidir folláine, foghlaim agus forbairt a chothú trí naisc a chothú leis an dúlra.
Tá na teachtaireachtaí sna Prionsabail leabaithe ar fud na dTéamaí, na nAidhmeanna agus na Spriocanna Foghlama in Aistear. Tá ról lárnach ag an ‘Oideoir Gníomhaíoch’ i bPrionsabail Aistear. Baineann tionchar agus pribhléid leis an ról sin agus is iad meas, eolas, scileanna agus taithí a chumasaíonn an t-oideoir na Prionsabail a chur i bhfeidhm, chun foghlaim agus forbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga a chothú, agus chun tacú leis an bhfoghlaim agus leis an bhforbairt chéanna. Is mar sin a thosaíonn an t eolas ar Aistear – leis na Prionsabail. |