Aistear Blaganna

#2: An t-oideoir gníomhaíoch

29 Eanáir, 2025

Aistear Blaganna

In Aistear (Rialtas na hÉireann, 2024), léirítear an t-oideoir mar dhuine gníomhaíoch, inniúil, muiníneach, agus machnamhach. Aithnítear ann nádúr athraitheach agus éagsúil an ‘duine fásta’ mar a tagraíodh dó sa bhunleagan de Aistear (CNCM, 2009), trí aitheantas a thabhairt don ról tábhachtach a bhíonn ag oideoirí ó thaobh tacú le foghlaim agus forbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga.

In Aistear, tagraíonn ‘Oideoir’ do thuismitheoir, d’fheighlí leanaí nó d’oideoir luathbhlianta a théann i muinín an Chreata chun tacú le foghlaim agus forbairt naíonán, lapadán agus leanaí óga. Is é an caidreamh atá ag gach oideoir leis an naíonán, an lapadán nó an leanbh, chomh maith leis an eolas, na scileanna agus na cáilíochtaí gairmiúla a chuireann bonn eolais faoin mbrí a bhaineann siad as Aistear ina sain-chomhthéacs féin.  Is creat solúbtha inrochtana é Aistear lena ligtear d’oideoirí an Fhís, na Prionsabail, agus na Téamaí atá ann a léirmhíniú ar bhealach fairsing. Féadfaidh oideoirí é a chur in oiriúint le go mbeidh sé feiliúnach do spéiseanna agus riachtanais na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga.

Léirítear an meas ómósach atá ar ról an oideora trí íomhá an oideora mar dhuine gníomhaíoch a chur i láthair. Tá sé ríthábhachtach freisin go n-éilítear in Aistear go mbeidh an meas ómósach céanna ag an oideoir ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas agus cúram luath-óige. Is mór ag an oideoir gníomhaíoch gach naíonán, lapadán, leanbh óg agus a dteaghlaigh, agus é feasach ar an ról atá aige chun ciorcal slándála agus muiníne a fhorbairt agus a chothú.

Tá feasacht aige ar an ngá atá le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a chothú agus cúram a dhéanamh díobh, chomh maith le heispéiris foghlama a leabú sna gnáthaimh laethúla. Tuigeann an t oideoir gníomhaíoch go dtarlaíonn an fhoghlaim teanga nuair a chantar amhráin le chéile agus clúidíní á n-athrú. Roinneann sé an díol iontais agus is mór aige tráthanna fionnachtana de réir mar a chuireann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga aithne ar an saol mórthimpeall orthu. Leagann sé amach múscailtí foghlama agus forbartha a fhreagraíonn do spéiseanna agus riachtanais na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga, agus cuireann sé na múscailtí céanna ar bun. Bíonn sé feasach freisin ar an gcaoi gur féidir na múscailtí sin a nascadh leis na Spriocanna Foghlama in Aistear.

Tá an t-oideoir gníomhaíoch muiníneach maidir leis an bhfoghlaim agus forbairt iomlánaíoch a thagann as eispéiris chomhroinnte foghlama a aithint, agus tuigeann sé an chaoi a mbaineann torthaí éagsúla le heispéireas foghlama amháin i gcás daoine éagsúla. Agus an bord á leagan don lón, d’fhéadfaí díriú ar thacaíocht a thabhairt do leanbh amháin maidir le treoracha ó bhéal a leanúint, agus i gcás leanbh eile, féadfaidh an rún a bheith ann tacú leo idirghníomhú a dhéanamh agus cairdeas a chothú. Tuigeann oideoirí an luach a bhaineann le cúrsaí a thógáil níos réidhe ar mhaithe le bheith in éineacht le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga agus le bheith i dtiúin leo, agus aithníonn siad go bhféadfadh foghlaim dhomhain a bheith ag baint leis na tráthanna seo.

Éisteann siad le guthanna naíonán, lapadán agus leanaí óga, agus bíonn cluas le héisteacht orthu dóibh, ag iarraidh aithne a chur orthu agus éisteacht lena bhfuil siad ag iarraidh a rá. Déantar cur síos in Aistear ar an oideoir gníomhaíoch mar dhuine ar a bhfuil dualgas cearta na leanaí a chur chun cinn. Is ionann sin agus a rá gur féidir le hoideoir gníomhach cearta na naíonán, na lapadán agus na leanaí óga a aithint, ionas go dtugtar dóibh, go gcothaítear iad agus go dtacaítear leo chun foghlaim agus forbairt a dhéanamh. Cinntíonn an t-oideoir gníomhach go gcaitear go cóir leo, agus cuireann siad gnáthaimh, straitéisí agus an timpeallacht in oiriúint lena chinntiú go mbíonn cothromas rochtana agus taithí acu uile.

Oibríonn an t-oideoir gníomhaíoch, inniúil, muiníneach agus machnamhach ar son na saoránach is óige dár gcuid agus bíonn ról ríthábhachtach aige maidir le domhan cineálta a chruthú ina gcothaítear naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun cúram a dhéanamh díobh féin, cúram a dhéanamh de dhaoine eile agus cúram a dhéanamh den chomhshaol.

 
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.