12 Márta, 2025
Blaganna Aistear
Tá leanaí agus a saol ag croílár Aistear ina ndéantar ceiliúradh ar an luath-óige ‘... mar thréimhse ina mbíonn an sult agus an fholláine i réim agus ina mbíonn an leanbh ag foghlaim ó eispéiris de réir mar thiteann siad amach’ (Rialtas na hÉireann, 2024, 6). Agus Aistear á nuashonrú, bhí sé tábhachtach a chinntiú gur léiríodh ann na hathruithe ar eispéiris saoil na leanaí in Éirinn, agus go mbeadh sé ag teacht le forbairtí taighde agus beartais a bhain le hilchineálacht, cothromas agus ionchuimsiú.
I dtaca le híomhá mheasúil an naíonáin, an lapadáin agus an linbh óige sa Chreat, tá béim ar leith ar aitheantas a thabhairt dá scéalta saoil aonair le cineáltas agus meas. Tá an t-aitheantas sin ar a n-eispéiris aonair bunaithe ar thuiscint ar chearta an linbh lena chinntiú nach ndéantar leithcheal ar aon naíonán, lapadán ná leanbh óg maidir le rochtain a fháil ar an oideachas luath-óige agus páirt a ghlacadh ann. Agus fís á cur i láthair den oideoir mar dhuine a chreideann go díograiseach in inniúlachtaí naíonán, lapadán agus leanaí óga, tuigtear gurb ionann rannpháirtíocht fhónta agus an intinniúlacht a mhúnlaíonn agus a threoraíonn cleachtais oideolaíochta, rud a chinntíonn go mbíonn lúcháir agus sonas ag baint le foghlaim gach páiste.
Tá an t-aitheantas agus an ceiliúradh ar éagsúlacht an duine, an teaghlaigh, an bhaile nó inniúlacht an duine fite fuaite ar fud Aistear. Baineann aitheantas ar éagsúlacht le cumhacht a thabhairt do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a bheith bródúil astu féin, as a dteaghlaigh agus as a gcultúir agus le bheith muiníneach as a dtugann siad leo isteach ina saol sóisialta. Éistear leis an stór eolais atá acu ón mbaile agus déantar iontas díobh mar chuid luachmhar den churaclam.
Cé go gceiliúrtar an éagsúlacht in Aistear, tarraingítear aird ann freisin ar a thábhachtaí is atá sé luach a chur ar chosúlachtaí agus ar chóngas. Tógtar cairdis trí bheith ag foghlaim faoina chéile, trí bheith fiosrach lena chéile, agus trí na ceangail sin a aimsiú. In Aistear, aithnítear gurb ann do ghá bunúsach le bheith mar chuid de phobal, rud a chothaíonn ómós áite agus féiniúlacht chomhroinnte toisc go bhfuiltear páirteach i rud éigin agus in áit éigin le chéile.
In Aistear, cuirtear béim láidir ar thuiscint a chothú ar an gcothromas sa luath-óige. Is ionann an cothromas agus aghaidh a thabhairt ar aon dúshláin a d’fhéadfadh a bheith roimh naíonán, lapadán nó leanbh óg mar gheall ar a gcúlra nó ar a gcumas. Tá a fhios ag an oideoir gníomhaíoch go bhfuil tábhacht lena ról maidir le spás measúil agus cosantach a chruthú do gach naíonán, lapadán agus leanbh óg, agus tuigeann sé an gá atá le cúrsaí a dhéanamh cothrom agus inrochtana do chách. Bíodh is go gciallaíonn an téarma ‘comhionannas’ go bhfuil rochtain agus deis chomhionann ag gach naíonán, lapadán agus leanbh óg; baineann ‘cothromas’ le cothroime. Baineann sé le bheith ar an eolas maidir le cé uathu a dteastaíonn am breise lena mbuataisí a chur orthu ionas nach iad na páistí deireanacha leis an luascán a bhaint amach i gcónaí. Baineann sé le cuimhneamh ar cé dóibh gur gá na doirse a oscailt deich nóiméad níos luaithe ionas nach bhfuil orthu dul i ngleic le ruaille buaille theacht agus imeacht an lae. Baineann sé le meas a léiriú ar gach naíonán, lapadán agus leanbh óg agus ar a ndul chun cinn pearsanta féin, chomh maith le tuiscint a chothú ar a thábhachtaí is atá sé am a ghlacadh chun aithne cheart a chur orthu.
Baineann an t-ionchuimsiú in Aistear le tacaíocht a thabhairt do gach naíonán, lapadán agus leanbh óg, agus lena gcumhachtú agus a gcumasú a bheith rannpháirteach agus dul chun cinn a dhéanamh in eispéiris fhiúntacha foghlama. Tá an t-ionchuimsiú fite fuaite ar fud struchtúir Aistear, agus cearta na leanaí mar bhonn faoi mar aon le hAidhmeanna agus Spriocanna Foghlama atá leathan agus solúbtha, ionas gur féidir le gach naíonán, lapadán agus leanbh óg barr a gcumais féin a bhaint amach. Arís, díríonn sin aird ar lárnacht an oideora ghníomhaíoch, inniúil, mhuinínigh agus mhachnamhaigh agus é ag baint úsáid as a gcuid eolais agus scileanna le curaclam a fhorbairt a spreagann lúcháir, fiosracht, díograis, misneach agus sonas. Dá bharr sin, aithnítear agus creidtear go díograiseach in inniúlachtaí naíonán, lapadán agus leanaí óga, agus tá diongbháilteacht ann freisin le gníomhú ar son a gceart agus le bheith freagrach as a gcearta a chur chun cinn.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.