26 Márta, 2025
Blaganna Aistear
Cuirtear béim in Aistear ar fhorbairt iomlánaíoch naíonán, lapadán agus leanaí óga trí eispéiris éagsúla foghlama, le béim shuntasach curtha ar na healaíona. Áirítear leis sin ealaín, dráma, damhsa, agus ceol, foirmeacha ealaíne atá ar fad riachtanach chun folláine, cruthaitheacht, féinléiriú, samhlaíocht agus forbairt mhothúchánach na bpáistí a chothú. Tá Aistear ag teacht le Dréachtphrionsabail maidir leis an Rannpháirtíocht sna hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (DECDIY, 2023) agus leis an Treoir don Chigireacht Oideachas Luathbhlianta (DE, 2025). Tarraingítear aird sna cáipéisí seo ar an tábhacht atá leis na healaíona sa luath-óige.
Trí bheith rannpháirteach go gníomhach sna healaíona, tá an deis ag naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a bheith cruthaitheach, ábhair éagsúla a fhiosrú, agus iad féin a chur in iúl. Faigheann na páistí blaiseadh ar chumhacht, áthas, iontas, áilleacht, mianach agus ábharthacht na n-ealaíon. Tá an rannpháirtíocht ghníomhach sa phróiseas cruthaitheach ar cheann de róil thábhachtacha an oideora. Tríd an timpeallacht foghlama a ullmhú le spreagthaigh agus le hábhair oscailte, agus trí dhul i bpáirt le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga le linn dheiseanna cruthaitheacha foghlama, is féidir le hoideoirí aird a tharraingt ar thairbhí na n-ealaíon. Leis an gcur chuige comhoibríoch seo, cothaítear tuiscint chomhchoiteann ar an bhfiosracht agus ar an gcruthaitheacht i bhfoghlaim agus i bhforbairt na luath-óige.
In Aistear, cuirtear béim ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a spreagadh lena gcuid cruthaitheachta a fhiosrú trí úsáid a bhaint as ábhair agus teicnící éagsúla lena saothair ealaíne féin a chruthú, amhail marc-chruthú, gearradh, líníocht, ealaín shealadach a chruthú, gliúáil, péinteáil, tógáil, priontáil, dealbhú, snáithiú, fuáil agus fíodóireacht. Cuidíonn sé sin leo a mothúcháin, a dtuairimí, agus a smaointe a chur in iúl trí chineálacha difriúla súgartha agus trí eispéiris éagsúla chruthaitheacha amhail damhsa, dráma, ceol, amhránaíocht agus scéalaíocht. Cuidíonn na heispéiris sin le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a mothúcháin agus a smaointe a chur in iúl ar bhealaí fónta, cur chuige lena gcuirtear níos mó béime ar an bpróiseas cruthaitheach ná ar an toradh. Mar shampla, is féidir spreagthach ceolmhar a úsáid, le huirlisí amhail tambóiríní, maracaí agus pillíní boga drumadóireachta, chun tacú le leanaí óga ceol, fuaim agus rithim a fhiosrú. Treoraíonn oideoirí an t-eispéireas go réidh, agus iad ag lua na n-uirlisí agus na bhfuaimeanna a dhéanann siad go séimh, agus focail suaimhnis agus tacaíochta á gcur le fiosrúchán na leanaí. Cuidíonn an súgradh ceolmhar seo le leanáí ceangal a dhéanamh idir fuaimeanna agus gníomhartha, agus cothaítear cumarsáid agus scileanna céadfacha ar bhealach séimh agus mealltach dá bharr.
I mblag roimhe seo inar fiosraíodh éagsúlacht, cothromas agus ionchuimsiú sa Chreat nuashonraithe, tarraingíodh aird ar an tábhacht a bhain le rannpháirtíocht fhónta chun tacú le fís Aistear, inar breathnaíodh ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga mar fhoghlaimeoirí gníomhaíocha, inniúla agus muiníneacha. Spreagtar oideoirí tacú le cruthaitheacht naíonán, lapadán agus leanaí óga trí ábhair éagsúla a chur ar fáil agus, trí thimpeallachtaí ionchuimsitheacha foghlama a chruthú ina léirítear aitheantas agus meas ar chúlraí éagsúla gach naíonán, lapadán agus leanbh óg, lena chinntiú go mothaíonn siad go bhfuil aitheantas agus meas á léiriú orthu ina dtimpeallacht féin. Ní hamháin go neartaíonn sé sin a gcruthaitheacht, ach tacaíonn sé leo a bheith ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha agus rannpháirteacha.
Nuair a thugann oideoirí aird chúramach ar an lear mór bealaí a ndéanann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga cumarsáid, amhail trí na healaíona, tríd an líníocht, trí dhamhsa, trí dhráma, trí cheol, tríd an bhfilíocht, trí phictiúir, tríd an scríbhneoireacht agus trí scéalaíocht, tá siad in ann tuiscint níos fearr a fháil ar a mbíonn á gcur in iúl acu agus freagairt dó sin. Mar shampla, tá spéis ag beirt pháistí i leabhar faoi Dhíbheálaí a dtagann siad air sa chúinne compordach. Cuireann siad in iúl don oideoir gur mhaith leo é dá léifeadh sí leo é. Soipríonn siad isteach go compordach agus tosaíonn siad ag léamh le chéile. Spreagann an t-oideoir na páistí chun na soilse agus na dathanna sa scéal a thabhairt faoi deara. Déanann siad comparáid idir na soilse sin agus na soilse sí ar an gcrann Nollag sa chúinne compordach agus déanann siad ceangal leis na soilse sa bhaile mór ag aimsir na Nollag. Trí bhlaiseadh a fháil den scéal le chéile, cuireadh deis ar fáil do na páistí smaoineamh faoin éagsúlacht chultúrtha sa domhan timpeall orthu agus léirthuiscint a fháil uirthi.
Trí thábhacht na n-ealaíon sa luath-óige a aithint, cuirtear béim láidir in Aistear ar dheiseanna a thabhairt do naíonáin, lapadáin agus leanaí óga fiosrúcháin a dhéanamh, rudaí a chruthú agus iad féin a chur in iúl, agus ar an mbealach sin tacaítear lena bhforbairt iomlánaíoch.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.