Blaganna Aistear

Tá sraith blaganna á forbairt ag foireann na Luath-Óige in CNCM chun léargas a roinnt ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a nuashonraíodh le déanaí.

10 Márta, 2025

Blaganna Aistear

sraith blaganna á forbairt ag foireann na Luath-Óige in CNCM chun léargas a roinnt ar Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige a nuashonraíodh le déanaí.

Tacóidh na blaganna le hoideoirí, le teaghlaigh agus le páirtithe leasmhara eile chun cur amach a fháil ar choincheapa nua agus feabhsaithe an Chreatchuraclaim nuashonraithe. Dírítear sa chéad bhlag den tsraith ar Phrionsabail Aistear, agus léirítear tábhacht na bPrionsabal atá mar bhunchloch le haghaidh luathfhoghlaim agus luathfhorbairt na naíonán, lapadán agus leanaí óga.

Féachann blaganna eile go dtí seo ar: An t‑oideoir gníomhaíoch in Aistear agus Aistear agus an Ghaeilge.

Fiosrófar i mblaganna amach anseo Aistear agus a bheith amuigh faoin aer; Éagsúlacht, Cothromas agus Ionchuimsiú in Aistear; Aistear agus na hEalaíona; Litearthacht Éiritheach; Uimhearthacht Éiritheach; agus ETIM sa Chreatchuraclam nuashonraithe.

Tá na blaganna á n-eisiúint againn gach coicís agus tá súil againn go gcabhróidh an bhuntreoir phraiticiúil sna blaganna ar phríomhghnéithe an nuashonraithe in Aistear leat.