Curaclam Na Bunscoile a Athfhorbairt

Tá Curaclam na Bunscoile ag athrú. Beidh sé d’aidhm ag an gcuraclam athfhorbartha cabhrú le tacaíocht níos fearr a thabhairt do riachtanais páistí, a dteaghlach, a bpobal agus na sochaí i saol an lae inniu. Tá torthaí ónár gcomhairliúchán, a bhí ar siúl ó mhí an Mhárta go mí an Mheithimh 2024, ag cur bonn eolais faoi Churaclam athfhorbartha na Bunscoile a tabhairt chun críche.

10 Márta, 2025

Curaclam Na Bunscoile a Athfhorbairt

I ndiaidh Creatchuraclam na Bunscoile a fhoilsiú in 2023, tá athfhorbairt ar churaclam na bunscoile ina iomláine beagnach tugtha chun críche. Tá obair ar bun chun na réimsí curaclaim seo a leanas a thabhairt chun críche: Oideachas Ealaíon; Teangacha (lena n‑áirítear Nuatheangacha Iasachta); Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta, agus Innealtóireachta; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; agus Folláine. 

Bhí comhairliúchán suntasach ann anuraidh a thug deis do mhúinteoirí, ceannairí scoile, páistí, tuismitheoirí agus baill den phobal a dtuairimí a roinnt ar dhréachtsonraíochtaí do na réimsí curaclaim. Foilsíodh dhá thuarascáil chomhairliúcháin (féach thíos) i mí na Nollag, ceann inar díríodh ar an gcomhairliúchán le páistí agus an ceann eile inar cuireadh aiseolas i láthair ó gach gné eile den chomhairliúchán. Tá CNCM buíoch díobh siúd ar fad a ghlac páirt agus a thug aiseolas le linn an chomhairliúcháin.


Cuirfidh na torthaí ón gcomhairliúchán bonn eolais faoi na sonraíochtaí curaclaim agus iad á dtabhairt chun críche, agus sonraíodh mí Mheán Fómhair 2025 do sheoladh agus d’fhoilsiú an churaclaim. 

Tá tuilleadh faisnéise faoin bplean athfhorbartha ar fáil ar leathanach gréasáin bunscoile CNCM.