Príomhinniúlachtaí Don tSraith Shinsearach

Tá príomhinniúlachtaí an scoláire don tsraith shinsearach ina gcuid de gach sonraíocht ábhair agus mhodúil nua agus sna ráitis chláir nua a foilsíodh i mí Mheán Fómhair 2024. Tá an-tábhacht ag baint le forbairt na bpríomhinniúlachtaí sa tsraith shinsearach, toisc go gcuidíonn na hinniúlachtaí sin leis an scoláire ullmhú le tús a chur leis an saol mar dhuine fásta agus leanúint ar aghaidh le tabhairt faoi réimse conairí i ndiaidh na scoile.

10 Márta, 2025

Príomhinniúlachtaí Don tSraith Shinsearach

Is scáth-théarma é príomhinniúlachtaí a thagraíonn don eolas, na scileanna, na luachanna agus na meonta a fhorbraíonn an scoláire le linn na sraithe sinsearaí. Is doimhne an fhoghlaim nuair a bhaineann an scoláire leas as na príomhinniúlachtaí sin agus nuair a dhéanann sé iad a chomhtháthú agus a chur i bhfeidhm i réimse de thascanna, comhthéacsanna, cásanna agus teagmhais éagsúla. Tá forbairt na bpríomhinniúlachtaí thar a bheith tábhachtach don scoláire agus é ag ullmhú don saol mar dhuine fásta. 

Cuireann na príomhinniúlachtaí seo le foghlaim thábhachtach ón luath-óige, ón mbunoideachas agus ón tsraith shóisearach. Is iad seo a leanas na seacht bpríomhinniúlacht: 

•    Smaointeoireacht agus réiteach fadhbanna  
•    A bheith cruthaitheach  
•    Cumarsáid  
•    Obair le daoine eile  
•    Rannpháirtíocht sa tsochaí  
•    Folláine a chothú  
•    Foghlaim a bhainistiú agus féinbhainistiú.  

Tá siad sin nasctha agus is féidir iad a chur le chéile chun cabhrú leis an scoláire agus leis an múinteoir naisc bhríocha a dhéanamh idir réimsí éagsúla foghlama agus ina measc. Is féidir leo foghlaim fhoriomlán an scoláire a fheabhsú agus cabhrú le daoine óga a bheith ina bhfoghlaimeoirí níos rannpháirtí, níos doimhne agus níos inniúla.

Comhtháthaítear na príomhinniúlachtaí leis na torthaí foghlama sna sonraíochtaí agus modúil ábhair nua agus athbhreithnithe. Cuirtear beocht iontu trí na heispéiris foghlama agus na hoideolaíochtaí a roghnaíonn an múinteoir agus trí fhreagairtí an scoláire orthu sin.  

Tá roinnt ábhar foilsithe ag CNCM chun tacú le tabhairt isteach na bpríomhinniúlachtaí. Ina measc siúd tá cáipéis na bpríomhinniúlachtaí ina sonraítear conas a fhorbróidh an scoláire an inniúlacht agus conas a chuirfidh an scoláire an inniúlacht i bhfeidhm, chomh maith le cur síos a thabhairt ar dheiseanna foghlama agus forbartha sainiúla don scoláire. Tá tuairiscí taighde ar an suíomh gréasáin freisin, chomh maith le físeán tosaigh agus ábhair thacaíochta le ceisteanna machnamhacha a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do scoileanna agus do ranna ábhar agus iad ag ullmhú chun sonraíochtaí athfhorbartha/nua don tsraith shinsearach a chur chun feidhme. Cuireadh póstaeir chuig scoileanna freisin. Tá tuilleadh faisnéise ar https://ncca.ie/ga/an-tsraith-shinsearach/athfhorbairt-na-sraithe-sinsearai/priomhinniulachtai-an-scolaire/