23 Deireadh Fómhair, 2023
Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta – Nuashonrú
Tá tuarascáil CNCM ar an athbhreithniú luath ar Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta, foilsithe anois. Tugadh Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta isteach in 2018 ar bhonn céimnithe. Rinneadh an t-athbhreithniú sa dara leath de 2022. Thugamar cuairt ar scoileanna, chualamar ó scoláirí a chríochnaigh an cúrsa agus labhair muid le páirtithe leasmhara a raibh baint dhíreach acu le tabhairt isteach agus forbairt an churaclaim.
Fuarthas amach san athbhreithniú go bhfuil aidhmeanna agus cuspóirí Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta á mbaint amach, agus tá cleachtais teagaisc, foghlama, tacaíochta gairmiúla agus measúnaithe ag teacht go mór leis. Fuaireamar léargais luachmhara freisin chun bonn eolais a chur faoi oiriúintí ar an tsonraíocht ar mhaithe le cur le taithí an scoláire agus múinteoirí ar Ríomhaireacht na hArdteistiméireachta a fheabhsú.
Is féidir an tuarascáil a fháil anseo ar ár suíomh gréasáin agus is féidir an tsonraíocht nuashonraithe a fháil ag Ríomheolaíocht (curriculumonline.ie).