- Faoin CNCM
- Faoin CNCM
- An Luath-Óige
- An Luath-Óige
- Bunscoil
- Bunscoil
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shóisearach
- An tSraith Shinsearach
- An tSraith Shinsearach
- Nuacht
- Nuacht
- Foilseacháin & Taighde
- Foilseacháin & Taighde
- Comhairliúcháin
- Teagmháil
Ceol
Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Ceol na hArdteistiméireachta.
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Ceol na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Ceol na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Tháinig an mheitheal forbartha do Cheol na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.