Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2026. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.
Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.
Bhí an Dréachtsonraíocht do Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 25 Feabhra 2025 to 25 Aibreán 2025. Tá an comhairliúchán dúnta anois.
Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná teagmháil dhomhain le réimse leathan páirtithe leasmhara ar fud na hÉireann.
Cabhróidh an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair an meitheal forbartha ar son Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta chun an dréachtsonraíocht a bheachtú sula gceadófar go críochnaitheach í, agus sula bhfoilseofar í.
Ba é an chéad chéim in athfhorbairt Chuntasaíocht na hArdteistiméireachta ná páipéar Cúlra a fhorbairt agus achoimre don athbhreithniú ar an ábhar.
Beidh comhairliúchán poiblí ar an bpáipéar cúlra agus ar an coimre ar siúl ón 8 Aibreán 2024 go dtí an 17 Bealtaine 2024.
Bhí an Dréachtsonraíocht do Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta ceadaithe do chomhairliúchán poiblí ón 25 Feabhra 2025 to 25 Aibreán 2025. Tá an comhairliúchán dúnta anois.
- Business Studies Teachers Association of Ireland
- CCAB-I (Consultative Committee of Accountancy Bodies – Ireland)
- Donegal BSTAI
- Dublin BSTAI
- Irish Accounting and Finance Association
- NSCE
- Office of the Revenue Commissioners
Tháinig an mheitheal forbartha do Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta le chéile ar an 27 Feabhra 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.
Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.