Matamaitic

Tá tús curtha le forbairt sonraíochta nua do Mhatamaitic na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Matamaitic na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Matamaitic na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.

Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Mhatamaitic na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt mhatamaitic na hArdteistiméireachta de.

Beidh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar siúl ón 6 Eanáir go dtí an 28 Feabhra 2025. Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú tríd an nasc thíos:

 

Tháinig an mheitheal forbartha do Mhatamaitic na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.

Cruinniú den Ghrúpa Forbartha 1: 30 Meán Fómhair 2024

Cruinniú den Ghrúpa Forbartha 2: 21 Deireadh Fómhair 2024

Cruinniú den Ghrúpa Forbartha 3: 14 Samhain 2024