Stair

Cuireadh tús le forbairt sonraíochta nua le haghaidh Stair na hArdteistiméireachta.

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid den athfhorbairt níos leithne ar an tsraith shinsearach, táthar ag súil go gcuirfear an tsonraíocht nua le haghaidh Stair na hArdteistiméireachta i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2027. Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Stair na hArdteistiméireachta san obair seo. Cuimsíonn an mheitheal seo ainmnithe de chuid na gcomhpháirtithe oideachais agus príomhghníomhaireachtaí oideachais eile.

Is féidir eolas a fháil ar an obair forbartha ábhair thíos lena n-áirítear an cháipéis eolais agus treoir don athbhreithniú don ábhar seo, agus nóta ó gach ceann de chruinnithe na meithle forbartha.

Tháinig an mheitheal forbartha do Stair na hArdteistiméireachta le chéile ar an 30 Meán Fómhair 2024 agus cuirfidh sé forbairt sonraíochta athfhorbartha mar gheall ar an treoir chomhaontaithe chun cinn.  

Ba é forbairt Cháipéis Eolais agus treoir don athbhreithniú ar Stair na hArdteistiméireachta an chéad chéim ó thaobh athfhorbairt Stair na hArdteistiméireachta de.

Beidh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú  ar siúl ón 6 Eanáir go dtí an 28 Feabhra 2025. Tugaimid cuireadh duit a bheith páirteach agus do thuairim a chur in iúl ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú tríd an nasc thíos:

Is féidir teacht ar chuir síos bheaga ar na cruinnithe a tharla go dtí seo anseo thíos.