Comhthéacs
Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Rinneadh sonraíochtaí nua le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta a sheoladh in 2020.
Úsáideadh cur chuige creata chun na sonraíochtaí seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige mheasúnaithe.
Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na sonraíochtaí Liotuáinis, Polainnis agus Portaingéilis na hArdteiste. Is é cuspóir an athbhreithniú seo ná aiseolas a bhailiú ó bhainistíocht scoile, ó mhúinteoirí/oideoirí, ó scoláirí agus ó pháirtithe leasmhara maidir le taithí ar na hábhair seo agus na socrúcháin mheasúnaithe a bhaineann leo
Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo
- tríd an suirbhé ar líne a chomhlánú.
- trí aighneacht i scríbhinn a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad seo.
- glac páirt i ngrúpa fócais ar líne
Cuirfear deireadh leis an bpróiseas athbhreithnithe seo Dé hAoine an 30 Aibreán, 2025 ag 5in.
Déanfar anailís ar an aiseolas go léir agus foilseofar tuarascáil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm luath na sonraíochtaí Liotuáinis, Polainnis agus Portaingéilis
Rinneadh sonraíochtaí nua le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta a sheoladh in 2020.
Úsáideadh cur chuige creata chun na sonraíochtaí seo a fhorbairt i gcomhair foghlaim agus teagasc roinnt teangacha curaclaim don Ardteistiméireacht. Baineann cur chuige coiteann leis seo i ngach sonraíocht lena n-áirítear an réamhrá, na haidhmeanna, na hionchais d’fhoghlaimeoirí agus na cuir chuige mheasúnaithe.
Is féidir na sonraíochtaí curaclaim agus na Treoirlínte don Phunann Teanga a aimsiú anseo:
- Sonraíocht Churaclaim Liotuáinis na hArdteistiméireachta
- Sonraíocht Churaclaim Pholainnis na hArdteistiméireachta
- Sonraíocht Churaclaim Phortaingéilis na hArdteistiméireachta
- Sonraíocht Churaclaim Mhandairínis na hArdteistiméireachta
Cuireadh tús le forbairt sonraíochtaí úra Ardteistiméireachta le haghaidh Liotuáinis, Polainnis, Portaingéilis agus Mandairínis na hArdteistiméireachta in 2019.
Tionóladh Meitheal Forbartha a chuimsigh ionadaithe ó réimse de pháirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. D’fhorbair an mheitheal Dréachtsonraíochtaí le haghaidh comhairliúcháin do na ceithre theanga agus is féidir iad a léamh anseo:
- Dréachtsonraíocht Churaclaim Liotuáinis na hArdteistiméireachta
- Dréachtsonraíocht Churaclaim Pholainnis na hArdteistiméireachta
- Dréachtsonraíocht Churaclaim Phortaingéilis na hArdteistiméireachta
- Dréachtsonraíocht Churaclaim Mhandairínis na hArdteistiméireachta
Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an gCáipéis Eolais agus Treoir ón 15 Samhain 2019 go dtí an 6 Eanáir 2020. Foilsíodh an tuarascáil chomhairliúcháin i mí an Mhárta 2020.
Rinne an Mheitheal Forbartha na sonraíochtaí nua a chur chun cinn agus an tuarascáil chomhairliúcháin mar bhonn eolais acu agus seoladh na sonraíochtaí úra i mí Mheán Fómhair 2020.