An Idirbhliain

Clár bliana is ea Clár na hIdirbhliana, a dhéantar mar chlár chéad bhliana i sraith shinsearach trí bliana i mórchuid scoileanna. Ceapadh é mar dhroichead idir an tSraith Shóisearach agus clár na hArdteistiméireachta. Tá sé ar fáil do na hiar-bhunscoileanna uile agus do thromlach na hiar-bhunscoileannan tá clár IB ar fáil do na scoláirí. Clár roghnach is ea é i bhformhór na scoileanna. Is clár roghnach bliana í an IB atá ar fáil do gach iar-bhunscoil. Mar chlár aonair laistigh de thaithí na sraithe sinsearaí, soláthraíonn an clár IB deis uathúil, áit a bhféadann scoileanna agus pobail a bheith ag obair i gcomhpháirt chun daoine óga a spreagadh le rathúlacht a bhaint amach anois agus amach anseo. Tá Ráiteas an Chláir Idirbhliana saindeartha d’fhonn cur chuige comhoibritheach solúbtha a sholáthar do scoileanna maidir le cláir IB a phleanáil dá gcomhthéacs féin.

Tá Ráiteas an Chláir Idirbhliana saindeartha d’fhonn cur chuige comhoibritheach solúbtha a sholáthar do scoileanna maidir le cláir IB a phleanáil dá gcomhthéacs féin. Is féidir le scoileanna a gcuraclam IB a leasú go mbeidh deiseanna ag an scoláire na príomhinniúlachtaí a fhorbairt go n-éireoidh go maith leis sa domhan seo atá ag athrú go sciobtha.

 

Is faoi gach scoil a clár Idirbhliana féin a cheapadh, laistigh de threoirlínte socraithe, a oirfidh do riachtanais agus d'ábhair spéise a scoláirí féin.

Idiraonaid

Comhpháirteanna nua curaclaim is ea Idiraonaid, a thógann 45 uair an chloig d'am tráthchláir. I dteannta modúl níos giorra agus eispéireas foghlama eile, is féidir le scoileanna roinnt Idiraonad a thairiscint mar chuid de chlár na hIdirbhliana. Ní cúrsaí 'scrúdúcháin' atá i gceist le hIdiraonaid ach cúrsaí a dhéantar a mheasúnú mar chuid den teagasc agus den fhoghlaim a dhéantar san aonad.