Cláir na Sraithe Sinsearaí

Soláthraítear clár na hArdteistiméireachta ar thrí bhealach. Tá deis ag an scoláire idirbhliain a dhéanamh idir an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach.

Oideachas na sraithe sinsearaí a thugtar ar an tréimhse oideachais a leanann an tsraith shóisearach. Soláthraítear clár na hArdteistiméireachta ar thrí bhealach:

  • An Ardteistiméireacht Bhunaithe (ATB)
  • An Ardteistiméireacht Fheidhmeach
  • agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)

Is clár roghnach bliana í an Idirbhliain (IB) atá ar fáil do gach iar-bhunscoil mar chlár aonair mar chuid d’eispéireas na sraithe sinsearaí.