An Idirbhliain

Is clár roghnach bliana í an IB atá ar fáil do gach iar-bhunscoil.

Is clár roghnach bliana í an IB atá ar fáil do gach iar-bhunscoil. Mar chlár aonair laistigh de thaithí na sraithe sinsearaí, soláthraíonn an clár IB deis uathúil, áit a bhféadann scoileanna agus pobail a bheith ag obair i gcomhpháirt chun daoine óga a spreagadh le rathúlacht a bhaint amach anois agus amach anseo. Tá Ráiteas an Chláir Idirbhliana saindeartha d’fhonn cur chuige comhoibritheach solúbtha a sholáthar do scoileanna maidir le cláir IB a phleanáil dá gcomhthéacs féin. Is féidir le scoileanna a gcuraclam IB a leasú go mbeidh deiseanna ag an scoláire na príomhinniúlachtaí a fhorbairt go n-éireoidh go maith leis sa domhan seo atá ag athrú go sciobtha.