- Treoir
- Scoláirí sárchumasacha a thacú
-
Oideachas Riachtanas Speisialta a thacú
- Treoirlínte do Mhúinteoirí maidir le Scoláirí Faoi Mhíchumais Ghinearálta Foghlama
- Lámhleabhar do Threoirlínte do Mhúinteoirí maidir le Scoláirí Faoi Mhíchumais Ghinearálta Foghlama
- Ealaíon, Ceardaíocht agus Dearadh
- Béarla
- Eacnamaíocht Bhaile
- Mata
- Ceol
- Corpoideachas
- Reiligiún
- Eolaíocht
- OSSP
- Tíreolaíocht
- Stair
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
- Oideachas Teicneolaíochta
-
Páistí atá faoi Choinneáil agus Scoileanna agus Suíomhanna Cúraim
Aithnítear sna treoirlínte, an dúshlán agus an chastacht a bhaineann le freagairt do riachtanais oideachais an scoláire faoi chúram agus i scoileanna coinneála. Tá an méid seo a leanas mar chuspóir acu:
- cabhrú leis an bhfoireann i scoileanna cúraim agus coinneála chun conairí solúbtha a fhorbairt, agus an creatchuraclam cuí bunscoile, sraithe sóisearaí, nó sraithe sinsearaí, in úsáid, a thacaíonn le foghlaim, le múineadh, le measúnú agus le tuairisciú i gcomhthéacs gach suíomh scoile aonair
- tacú le rochtain agus le rannpháirtíocht fhiúntach an scoláire leis an gcreatchuraclam cuí trí chláir oideachasúla d’ardchaighdeán a fhorbairt a léiríonn meas agus a dhéanann ceiliúradh ar indibhidiúlacht gach scoláire i dtimpeallacht atá dearfach, ionchuimsitheach agus comhbhách.
- éascú conairí aistrithe a bhunú don scoláire chun filleadh ar scoil ar freastail siad uirthi roimhe sin nó dul chuig scoil nua; chun dul ar aghaidh chuig deiseanna eile oiliúna agus oideachais; chun dul ag obair; agus chun iad a ullmhú d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
- Oideachas idirchultúrtha
- Clár Scoile an Teastais Shóisearaigh
-
Béarla mar Theanga Bhreise – Uirlisí don Mheasúnú Iar-bhunscoile
D’fhorbair Integrate Ireland Language and Training (IILT) (David Little, Barbara Lazenby Simpson, Bronagh Finnegan Catibusic) na tástálacha ar inniúlacht Bhéarla a chuirtear i láthair sa leabhar seo, le cúnamh ó mhúinteoirí tacaíochta teanga a oibríonn in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.
Tá na tástálacha bunaithe ar na chéad trí leibhéal de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ó Chomhairle na hEorpa, a thagann leis na trí leibhéal inniúlachta (1, 2 agus 3) a úsáideann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Agus na tástálacha sin á gceapadh, rinneadh an-iarracht tascanna a roghnú a bhaineann le gnáthshaol an scoláire sa rang tacaíochta teanga agus nósanna imeachta scórála a cheapadh a sholáthródh torthaí cruinne fad is go riartar na tástálacha díreach mar a shonraítear sna treoracha.
Cuireadh dréacht-thástálacha i láthair ag seimineáir inseirbhíse do mhúinteoirí tacaíochta teanga iar-bhunscoile mar seo a leanas: labhairt agus scríbhneoireacht i bhfómhar 2004, léitheoireacht in earrach 2005, éisteacht i bhfómhar 2005. D’úsáid múinteoirí tacaíochta teanga gach tacar tástálacha i scéim phíolótach i gceantair dhifriúla ar fud na tíre. Léirigh a n-aiseolas siúd go raibh na tástálacha éasca le riar agus gur sholáthair siad léiriú cruinn ar inniúlacht Bhéarla na scoláirí. Ag deireadh an phróisis phíolótaigh athbhreithníodh na tástálacha bunaithe ar fheidhmíocht na scoláirí agus aiseolas mionsonraithe na múinteoirí.
Béarla mar Theanga Bhreise – Uirlisí don Mheasúnú Iar-bhunscoile
Tá Béarla mar Theanga Bhreise – Uirlisí don Mheasúnú Iar-bhunscoile foilsithe mar PDF idirghníomhach anois.
Beidh ort Adobe Acrobat Reader a shuiteáil leis an gcomhad seo a úsáid.
Is féidir seo a íoslódáil saor in aisce www.adobe.com/reader - Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe
-
Cultúr agus stair an Lucht Siúil sa churaclam:
Tuarascáil Taighde ar chultúr agus stair an Lucht Siúil
Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil taighde ar chultúr agus stair an Lucht Siúil achoimre a thabhairt ar a bhfuil ar eolas faoi láthair agus ar an méid a taifeadadh maidir le gnéithe éagsúla de chultúr agus stair an Lucht Siúil. Úsáidfear é mar bhonn eolais d'athbhreithniú agus d'athfhorbairt/nuashonrú sonraíochtaí curaclaim agus d'fhorbairt sonraíochtaí nua mar chuid d'obair leanúnach ar fud earnálacha. Lena chois sin, beidh sé mar bhonn chun acmhainní agus ábhair a fhorbairt do mhúinteoirí/chleachtóirí agus beidh sé mar bhonn eolais againn freisin maidir le cuir chuige idirchultúrtha i leith an oideachais ar bhonn níos leithne.
Tuarascáil Taighde ar chultúr agus stair an Lucht Siúil
Cultúr agus stair an Lucht Siúil sa churaclam: iniúchadh curaclaim
I mí Mheán Fómhair 2018, iarraidh ar CNCM iniúchadh a dhéanamh ar chultúr agus stair an Lucht Siúil sa churaclam. Measann an t-iniúchadh:
- áit chultúr agus stair an Lucht Siúil sa churaclam reatha, ón luathóige go dtí an tsraith shinsearach
- na treoirlínte reatha maidir le hoideachas idirchultúrtha agus acmhainní eile atá ar fáil do scoileanna i dtaca leis an Lucht Siúil
- na deiseanna atá ann cultúr agus stair an Lucht Siúil a theagasc agus an chaoi a gceanglaítear an méid sin leis na hábhair churaclaim atá ann cheana féin.
Cultúr agus stair an Lucht Siúil sa churaclam: iniúchadh curaclaim