Nuatheangacha Iasachta

Is é an aidhm atá le staidéar ar Nuatheangacha Iasachta (Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis) forbairt a dhéanamh ar scileanna teanga cumarsáide an scoláire agus fiosrú a dhéanamh ar an idirspleáchas idir an teanga agus an cultúr a chumasaíonn scoláirí taitneamh a bhaint as foghlaim teanga. Forbraítear scileanna Nuatheangacha Iasachta thar thrí shnáithe idirnasctha: inniúlacht chumarsáideach, feasacht teanga, agus eolas soch-chultúrtha agus feasacht idirchultúrtha.

Ceadaíodh an dréachtsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí le haghaidh comhairliúchán poiblí. Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl ó Dé hAoine, 3 Bealtaine go dtí Dé hAoine, 10 Lúnasa.
Tá rannpháirtíocht dhomhain i gceist leis an gcomhairliúchán le réimse leathan de pháirtithe leasmhara ar fud na hÉireann. Cuirimid fáilte romhat páirt a ghlacadh agus do thuairim a chur in iúl ar an dréachtsonraíocht. Is féidir leat seo a leanas a dhéanamh:

•    Líon amach suirbhé ar líne 
•    Líon amach foirm aighneachta scríofa
•    Freastal ar fhócasghrúpa réigiúnach nó ar líne

Tá CNCM tar éis dul i dteagmháil le scoileanna chomh maith le páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais scoilbhunaithe a mbeidh múinteoirí, scoláirí, agus ceannairí scoile páirteach iontu. Cabhróidh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán seo le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí chun beachtú a dhéanamh ar an dréachtsonraíocht roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh.

Tá an comhairliúchán poiblí dúnta anois. 

Is féidir an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a léamh thíos: 

I gcomhréir leis an gCreat don tSraith Shóisearach (2015), tugadh isteach sonraíochtaí ábhair nua do Nuatheangacha Iasachta i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017 mar chuid de Chéim 3 de thabhairt isteach sonraíochtaí nua ábhair. Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023 chun aiseolas a bhailiú agus chun na nithe seo a leanas a mheas agus a fhiosrú:

  • an chaoi a bhfuil ag éirí leis na sonraíochtaí an fhoghlaim lena bhfuiltear ag súil sna hábhair sin agus sa Chreat don tSraith Shóisearach go ginearálta a chur chun cinn
  • gnéithe measúnaithe de na hábhair agus tuairimí na scoláirí agus na múinteoirí orthu
  • conas a úsáideann múinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil d’fhonn an tsonraíocht nua a stiúradh sna scoileanna agus sna seomraí ranga.

D’aimsigh an tuarascáil ar chur i bhfeidhm luath de Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí láidreachtaí agus dúshláin. Mar fhreagairt ar na dúshláin a aimsíodh sa tuarascáil, tionólfaidh CNCM Meitheal Forbartha chun leasuithe beartaithe ar an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta a chur chun cinn. Is féidir an tuarascáil iomlán agus an treoir a léamh thíos.

 

Tugadh isteach an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2017. Cuireadh tús le forbairt na sonraíochta in 2015.

Déantar iniúchadh sa cháipéis eolais agus tuarascáil chomhairliúcháin do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fhorbairt an ábhair sa tsraith shóisearach; leagtar béim ar dhea-chleachtas sa bhaile agus thar lear; agus úsáidtear taighde bunaithe ar fhianaise mar bhonn agus mar thaca d’athbhreithniú na sonraíochta.


Tá ionadaithe i Meitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha anseo.

Forbraíodh an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí in 2015–2016. Is féidir teacht ar an tsonraíocht anseo .

Thug an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi athbhreithniú ar an léargas luath idir Feabhra agus Márta 2023. Mar fhreagairt ar na moltaí a leagadh amach sa tuarascáil, tionóladh Meitheal Forbartha i mí Eanáir 2024 chun leasuithe molta ar an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta a chur chun cinn. Is féidir teacht ar an tuarascáil iomlán agus an treoir thíos.

Tá ionadaithe i Meitheal Forbartha na Nuatheangacha Iasachta ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta, an Roinn Oideachais, agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha thíos: 

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar an dréachtsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ón 3 Bealtaine go dtí an 10 Lúnasa 2024. Is féidir an tuarascáil ar an gcomhairliúchán poiblí a léamh thíos: 

Chabhraigh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán sin le bonn eolais a chur faoi obair Mheitheal Forbartha Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí chun beachtú a dhéanamh ar an dréachtsonraíocht roimh an bhfaomhadh agus an foilsiú deiridh. Is féidir teacht ar thuarascálacha ó chruinnithe na meithle forbartha thíos: 

Is é aidhm na sonraíochta do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí scileanna cumarsáideacha teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, Úsáideoir Bunúsach) den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus lena thuairisceoirí. Aidhm eile atá leis ná cur ar chumas an scoláire an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú, forbairt a dhéanamh ar an léirthuiscint atá aige dá ábhartha atá teangacha dá shaol chun críocha pearsanta, sóisialta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga.

Tá sonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, na Treoirlínte Measúnaithe agus Samplaí Oibre ar fáil anseo.

Tá eolas faoin bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) ar fáil anseo.