Fáilte chuig podchraoladh bunscoile CNCM, podchraoladh ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Cuid thábhachtach dár ról is ea guthanna éagsúla a bhailiú, dearcthaí leathana a mheas agus comhdhearcadh a chothú maidir le hábhair a bhaineann le foghlaim, teagasc agus measúnú i scoileanna. Labhraímid le múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus páirtithe leasmhara eile, ag cur spás ar fáil inar féidir linn smaointe agus dearcthaí éagsúla a thabhairt le chéile agus a roinnt. Agus é sin á dhéanamh againn, oibrímid le chéile chun tuiscint níos fearr a chothú ar churaclam agus ar mheasúnú inár gcóras oideachais.
Tá súil againn go spreagfaidh sé seo do chomhráite féin faoin gcuraclam agus cuirimid fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an bpodchraoladh trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag podcast@ncca.ie nó tríd an haischlib a úsáid #nccapodcast chun leanúint leis an gcomhrá ar na meáin shóisialta.