Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

San Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, déantar foráil go gcuirfeadh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne maidir le gníomhaíocht bhrústocaireachta ar bun, agus go gcoinneodh sé cothrom le dáta é. Is é is cuspóir don Chlár ná faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le haitheantas na n‑eintiteas a dhéanann cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartais shonracha, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí féideartha. Ní mór do bhrústocairí a gcuid idirghníomhaíochtaí leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe a thuairisciú.

Le hAlt 6(4) den Acht, ceanglaítear ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Tá dhá fheidhm ag an liosta:

  • Ligean don phobal na daoine siúd, ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad, a shainaithint; agus
  • Bheith ina acmhainn do bhrústocairí a chuirfidh tuairisceán chuig an gClár, daoine a mbeadh sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe ag teastáil uathu.

Is iad Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoin reachtaíocht sin ná:

Bainistíocht Shinsearach

Príomhfheidhmeannach Arlene Forster Rúnaí Cúnta, ar a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán as CNCM
Leas-Phríomhfheidhmeannach Patrick Sullivan Stiúrthóir, ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as an Luath-óige agus Bunscolaíocht
Leas-Phríomhfheidhmeannach Barry Slattery Stiúrthóir, ar a bhfuil an fhreagracht fhoriomlán as an Iar-bhunscolaíocht