Céard iad fianáin:
Píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid téacs shimplí, agus a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt de na fianáin a léamh agus tú ar cuairt air ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh go stórálfaí faisnéis i bhfianán faoi do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó ionas gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh” ort nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Go hiondúil, ní choinníonn fianáin faisnéis phearsanta ónar féidir thú a aithint, seachas má thug tú faisnéis dá leithéid don suíomh gréasáin.
An chaoi a n-úsáidimid fianáin:
Úsáidimid fianáin ar réimse suíomhanna gréasáin a bhainistímid ar chúiseanna éagsúla, agus pléitear iad sin thíos. Ar an drochuair, níl aon roghanna caighdeánacha tionscail ar fáil go hiondúil chun fianáin a dhíchumasú gan an fheidhmiúlacht agus na gnéithe a chuireann siad leis an suíomh gréasáin a dhíchumasú go hiomlán. Moltar go bhfágfá air na fianáin ar fad mura bhfuil tú cinnte an dteastaíonn siad nó nach dteastaíonn, ar fhaitíos go n-úsáidtear iad chun seirbhís atá uait a chur ar fáil.
Fianáin a dhíchumasú:
Is féidir leat cosc a chur ar fhianáin trí na socruithe ar do bhrabhsálaí a athrú (beidh níos mó eolais i roghchlár Cúnaimh do bhrabhsálaí faoi sin). Ach ná déan dearmad go gcuirfear isteach ar fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin seo, agus suíomhanna eile ar a dtugann tú cuairt, má dhíchumasaíonn tú na fianáin. D’fhéadfaí feidhmiúlacht agus gnéithe áirithe an tsuímh seo a dhíchumasú má dhíchumasaítear na fianáin. Moltar mar sin nach ndíchumasófaí na fianáin.
Fianáin tríú páirtí:
I gcásanna ar leith, úsáidimid fianáin a sholáthraíonn tríú páirtithe a bhfuil iontaoibh againn astu. Pléitear na fianáin ar fad – fianáin ó thríú páirtithe san áireamh – a bhféadfá plé leo i suíomhanna gréasáin CNCM sa chuid seo a leanas. Úsáideann roinnt de shuíomhanna gréasáin CNCM Google Analytics atá ar cheann de na réitigh anailíseachta is forleithne agus is mó iontaoibh ar an ngréasán chun cabhrú linn an chaoi a n-úsáideann tú na suíomhanna a thuiscint agus na bealaí a d’fhéadfaimis do thaithí a fheabhsú a fheiceáil. Rianaíonn na fianáin sin rudaí ar nós chomh fada agus a chaith tú ar an suíomh agus na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu ionas gur féidir linn níos mó ábhair agus inneachair a gcuirfidh tú spéis iontu a chur ar fáil. Tá níos mó eolais faoi fhianáin Google Analytics ar fáil ar leathanach oifigiúil Google Analytics. Úsáidimid cnaipí agus/nó breiseáin meán sóisialta ar an suíomh seo freisin ionas gur féidir leat ceangal le do líonra sóisialta ar bhealaí éagsúla. Cuireann suíomhanna meán sóisialta, Facebook agus Twitter ina measc, fianáin ar á suíomh chun go n-oibreoidh siad sin. D’fhéadfaí iad a úsáid chun do cur le do phróifíl ar a suíomh siúd nó chun cur leis na sonraí atá acu chun críocha éagsúla a phléitear ina mbeartais phríobháideachais ar leith. Tá Ráiteas Príobháideachais CNCM ar fáil ar https://www.ncca.ie/en/privacy-statement
Suíomhanna gréasáin CNCM:
Tá liosta anseo thíos de na suíomhanna gréasáin ar fad a bhainistíonn CNCM agus na fianáin atá socraithe do gach aon cheann. Nuair is comhúinéir an inneachair í CNCM, cuirtear an chomhúinéireacht sin in iúl sa liosta suíomhanna gréasáin thíos. Mar sin féin is í CNCM, mar óstálaí an tsuímh gréasáin, a bhainistíonn iad ar fad faoi Ráitis Príobháideachais agus Fianán CNCM.
Suíomh gréasáin | Úinéireacht an tsuímh gréasáin |
www.ncca.ie | CNCM |
www.curriculumonline.ie | CNCM |
www.AistearSiolta.ie | CNCM, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige |
www.transition.ie | CNCM, Cumann Ollscoileanna Éireann, Cumann Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Solas, an Roinn Oideachais agus Scileanna, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann |
www.ecalignment.ie | CNCM, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
http://research-alive.com | CNCM, an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha |
http://nccaplanning.ie/ | CNCM |
www.ncca.ie (CNCM)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
_gat | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun srian a chur ar an ráta iarrata | ncca.ie | 1 nóiméad |
_gid | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí | ncca.ie | 24 uair an chloig |
_ga | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí | ncca.ie | 2 bhliain |
twitter.com | Úsáidtear é chun léargas a fháil ar an gcaoi a bhfuiltear ag úsáid sheirbhísí Twitter chun gur féidir iad a fheabhsú | ncca.ie | Bainistítear smacht ar úsáid na bhfianán sin trí chuntas Twitter an úsáideora | |
google.com | Úsáidtear é chun léargas a fháil ar an gcaoi a bhfuiltear ag úsáid sheirbhísí Google chun gur féidir iad a fheabhsú | ncca.ie | Bainistítear smacht ar úsáid na bhfianán sin trí chuntas Google an úsáideora |
www.curriculumonline.ie (CNCM)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
ARRAffinity | Fianán seisiúin | Dáileann trácht chun na hamanna freagartha a fheabhsú | curriculumonline.ie | Fad seisiúin |
ASP.NET_SessionId | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun seisiún úsáideora ar an suíomh gréasáin a aithint | curriculumonline.ie | Fad seisiúin |
CMSPreferredCulture | Fianán stóráilte | Cinneann an fianán rogha teanga agus tíre an chuairteora. Bíonn an suíomh gréasáin in ann an t-ábhar is ábhartha don réigiún agus teanga sin a thaispeáint mar sin | curriculumonline.ie | 1 bhliain |
__utm.gif | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun sonraí faoi bhrabhsálaí agus ríomhaire an chuairteora a thaifeadadh | google-analytics.com | Fad seisiúin |
__utma | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí agus seisiúin | curriculumonline.ie | 2 bhliain |
__utmb | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun seisiúin/cuairteanna nua a chinneadh | curriculumonline.ie | 1 lá |
__utmc | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun fad na cuairte ar shuíomh gréasáin a ríomh | curriculumonline.ie | Fad seisiúin |
__utmt | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun srian a chur ar luas na n-iarrataí ar an bhfreastalaí | curriculumonline.ie | 1 lá |
__utmv | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun sonraí an chuairteora a stóráil | curriculumonline.ie | 1 lá |
__utmz | Fianán stóráilte | Bailíonn sé sonraí faoin gcaoi ar tháinig cuairteoir chuig an suíomh gréasáin | curriculumonline.ie | 6 mhí |
ads/ga-audiences | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun spéis cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a mhúscailt arís | google.com | Fad seisiúin |
vuid | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun sonraí faoi na cuairteoirí ar shuíomh gréasáin a bhailiú | vimeo.com | 2 bhliain |
CMSCsrfCookie | Fianán seisiúin | Stórálann sé ceadchomhartha slándála a chabhraíonn le cosaint ar bhrionnú iarrata tras-suímh | curriculumonline.ie | Fad seisiúin |
www.AistearSiolta.ie (CNCM, an Roinn Oideachais, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
__gat | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun srian a chur ar an ráta iarrata | Aistearsiolta.ie | 1 nóiméad |
ASP.NET_Sessionid | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun seisiún úsáideora ar an suíomh gréasáin a aithint | Aistearsiolta.ie | Fad seisiúin |
__gid | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí | Aistearsiolta.ie | 24 uair an chloig |
__ga | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí | Aistearsiolta.ie | 2 bhliain |
vuid | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun sonraí faoi na cuairteoirí ar shuíomh gréasáin a bhailiú | vimeo.com | 2 bhliain |
www.transition.ie (CNCM, Cumann Ollscoileanna Éireann, Cumann Institiúidí Teicneolaíochta na hÉireann, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Solas, an Roinn Oideachais, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo. |
www.ecalignment.ie (CNCM, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo. |
http://research-alive.com (CNCM, an Chomhairle Mhúinteoireachta, an Lárionad do Sheirbhísí Éifeachtacha)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
Ní úsáidtear aon fhianáin ar an suíomh gréasáin seo. |
http://nccaplanning.ie/ (CNCM)
Fianán | Cineál | Cuspóir | Soláthraí | In éag tar éis |
__utmb | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun seisiúin/cuairteanna nua a chinneadh | nccaplanning.ie | 1 lá |
__utmc | Fianán seisiúin | Úsáidtear é chun fad na cuairte ar shuíomh gréasáin a ríomh | nccaplanning.ie | Fad seisiúin |
__utmt | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun srian a chur ar luas na n-iarrataí ar an bhfreastalaí | nccaplanning.ie | 1 lá |
ARRAffinity | Fianán seisiúin | Dáileann trácht chun na hamanna freagartha a fheabhsú | nccaplanning.ie | Fad seisiúin |
__utma | Fianán stóráilte | Úsáidtear é chun idirdhealú a dhéanamh idir úsáideoirí agus seisiúin | nccaplanning.ie | 2 bhliain |
__utmz | Fianán stóráilte | Bailíonn sé sonraí faoin gcaoi ar tháinig cuairteoir chuig an suíomh gréasáin | nccaplanning.ie | 6 mhí |
Nuachtlitreacha CNCM le seirbhís Mailchimp
Úsáideann CNCM seirbhís Mailchimp chun daoine ar spéis leo a leithéid a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí, imeachtaí atá ag teacht agus fógraí. Nuair a ghlacann tú síntiús lenár nuachtlitreacha iarraimid ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt dúinn agus a rá linn cén earnáil, nó na hearnálacha, oideachais is mó a bhfuil spéis agat iontu. Ní sheolfaimid eolas chugat ach inár nuachtlitir ghinearálta, ar a dtugtar info, nó eolas faoi imeachtaí nó eolas a bhaineann le hearnáil faoi leith ar iarr tú lena n-aghaidh. Tá níos mó eolais faoi na fianáin a úsáideann Mailchimp ar fáil ar https://mailchimp.com/legal/cookies/