21 Deireadh Fómhair, 2022
An Staidéar “Saol Scoile Páistí”
Leantar 4,000 páiste i 189 scoil i rith a gcuid bunscolaíochta chun foghlaim, go mionsonrach, faoina n-eispéiris agus óna n-eispéiris sa taighde Saol Scoile Páistí (CSL) a cuireadh ar bun in 2018. Baineann dearadh nuálach an staidéir agus cur chuige na modhanna measctha leas as saineolas agus taithí shuntasach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, i dtaighde fadaimseartha. Tá an staidéar á dhéanamh ag an Scoil Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thar ceann CNCM.
Dírítear i dTuarascáil 4, Saol Scoile Páistí: An tAistriú ó Réamhscolaíocht go Bunscolaíocht ar an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Ní hamháin gur thréimhse shuntasach agus eachtra thábhachtach é an t-aistriú isteach sa bhunscoil i saol an pháiste, is tréimhse agus eachtra thábhachtach i saol an teaghlaigh é chomh maith. Cuimsítear leis an tuairisc eispéiris páistí, tuismitheoirí/caomhnóirí, oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí. Seo thíos roinnt de na torthaí.
- Bhí na páistí an-dearfach trí chéile, dúirt siad gur thaitin an scoil agus a múinteoir leo, agus go ndearna siad cairdeas sa rang.
- Bhí na múinteoirí den tuairim go bhfuil na scileanna sóisialta, mothúchánacha agus féinchúraim ar an rud is tábhachtaí do pháistí atá ag cur tús leis an mbunscoil.
- Chuir beagnach gach uile thuismitheoir/caomhnóir dá raibh páistí acu i rang na Naíonán Sóisearach in iúl gur fhreastal a bpáiste ar shuíomh luathbhlianta sular chuir sé nó sí tús leis an mbunscoil.
- Ní mór an comhoibriú agus comhar a neartú idir na réamhscoileanna agus na bunscoileanna chun tacú le haistrithe na bpáistí ó shuíomh amháin go suíomh eile.
Aimsigh an tuarascáil anseo: www.cslstudy.ie/ga/