An Staidéar “Saol Scoile Páistí”

Tá an ceathrú tuarascáil ón staidéar Saol Scoile Páistí (SSP) foilsithe anois. Sa staidéar seo, leantar saol páistí i 189 bunscoil, agus tá foireann taighde ó COBÁC ina bhun thar ceann CNCM. Díríonn an ceathrú tuarascáil seo ar eispéireas na bpáistí leis an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil.

21 Deireadh Fómhair, 2022

An Staidéar “Saol Scoile Páistí”

Leantar 4,000 páiste i 189 scoil i rith a gcuid bunscolaíochta chun foghlaim, go mionsonrach, faoina n-eispéiris agus óna n-eispéiris sa taighde Saol Scoile Páistí (CSL) a cuireadh ar bun in 2018. Baineann dearadh nuálach an staidéir agus cur chuige na modhanna measctha leas as saineolas agus taithí shuntasach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, i dtaighde fadaimseartha. Tá an staidéar á dhéanamh ag an Scoil Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thar ceann CNCM.

Dírítear i dTuarascáil 4, Saol Scoile Páistí: An tAistriú ó Réamhscolaíocht go Bunscolaíocht ar an aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil. Ní hamháin gur thréimhse shuntasach agus eachtra thábhachtach é an t-aistriú isteach sa bhunscoil i saol an pháiste, is tréimhse agus eachtra thábhachtach i saol an teaghlaigh é chomh maith. Cuimsítear leis an tuairisc eispéiris páistí, tuismitheoirí/caomhnóirí, oideoirí luathbhlianta agus múinteoirí. Seo thíos roinnt de na torthaí.

  • Bhí na páistí an-dearfach trí chéile, dúirt siad gur thaitin an scoil agus a múinteoir leo, agus go ndearna siad cairdeas sa rang.
  • Bhí na múinteoirí den tuairim go bhfuil na scileanna sóisialta, mothúchánacha agus féinchúraim ar an rud is tábhachtaí do pháistí atá ag cur tús leis an mbunscoil.
  • Chuir beagnach gach uile thuismitheoir/caomhnóir dá raibh páistí acu i rang na Naíonán Sóisearach in iúl gur fhreastal a bpáiste ar shuíomh luathbhlianta sular chuir sé nó sí tús leis an mbunscoil.
  • Ní mór an comhoibriú agus comhar a neartú idir na réamhscoileanna agus na bunscoileanna chun tacú le haistrithe na bpáistí ó shuíomh amháin go suíomh eile.

Aimsigh an tuarascáil anseo: www.cslstudy.ie/ga/