D’fhorbair Integrate Ireland Language and Training (IILT) (David Little, Barbara Lazenby Simpson, Bronagh Finnegan Catibusic) na tástálacha ar inniúlacht Bhéarla a chuirtear i láthair sa leabhar seo, le cúnamh ó mhúinteoirí tacaíochta teanga a oibríonn in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.
Tá na tástálacha bunaithe ar na chéad trí leibhéal de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha ó Chomhairle na hEorpa, a thagann leis na trí leibhéal inniúlachta (1, 2 agus 3) a úsáideann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Agus na tástálacha sin á gceapadh, rinneadh an-iarracht tascanna a roghnú a bhaineann le gnáthshaol an scoláire sa rang tacaíochta teanga agus nósanna imeachta scórála a cheapadh a sholáthródh torthaí cruinne fad is go riartar na tástálacha díreach mar a shonraítear sna treoracha.
Cuireadh dréacht-thástálacha i láthair ag seimineáir inseirbhíse do mhúinteoirí tacaíochta teanga iar-bhunscoile mar seo a leanas: labhairt agus scríbhneoireacht i bhfómhar 2004, léitheoireacht in earrach 2005, éisteacht i bhfómhar 2005. D’úsáid múinteoirí tacaíochta teanga gach tacar tástálacha i scéim phíolótach i gceantair dhifriúla ar fud na tíre. Léirigh a n-aiseolas siúd go raibh na tástálacha éasca le riar agus gur sholáthair siad léiriú cruinn ar inniúlacht Bhéarla na scoláirí. Ag deireadh an phróisis phíolótaigh athbhreithníodh na tástálacha bunaithe ar fheidhmíocht na scoláirí agus aiseolas mionsonraithe na múinteoirí.
Tá Béarla mar Theanga Bhreise – Uirlisí don Mheasúnú Iar-bhunscoile foilsithe mar PDF idirghníomhach anois.
Beidh ort Adobe Acrobat Reader a shuiteáil leis an gcomhad seo a úsáid.
Is féidir seo a íoslódáil saor in aisce www.adobe.com/reader