10 Nollaig, 2024
Tuarascálacha Comhairliúcháin a fhoilsiú
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, thug CNCM faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta (NTI) i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta (ETI); agus ar an bhFolláine ón 6 Márta go dtí an 7 Meitheamh 2024.
Bailíodh roinnt mhaith aiseolais le linn an chomhairliúcháin ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Bhí ionchur ag raon leathan rannpháirtithe trí mhodhanna éagsúla, lena n-áirítear fócasghrúpaí, cruinnithe déthaobhacha, comhdháil chomhairliúcháin, Líonraí Scoileanna, ceistneoirí agus aighneachtaí scríofa. Chuathas i gcomhairle le páistí ó scoileanna ar fud na tíre freisin. Rinneadh anailís ar an aiseolas go léir ina dhiaidh sin agus úsáid á baint as modheolaíochtaí a bhí oiriúnach don chineál aiseolas, agus foilsíodh an dá thuarascáil chomhairliúcháin atá le fáil anseo.
Tuarascáil ar an gcomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile
Comhairliúchán le Páistí ar Dhréachtsonraíochtaí Curaclaim na Bunscoile
Tá tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear Tuarascáil Theicniúil ina sonraítear freagraí an cheistneora, chomh maith leis na haighneachtaí scríofa a fuarthas agus ar bailíodh toiliú lena bhfoilsiú, le fáil anseo.
Míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt sa chomhairliúchán. Tá torthaí an chomhairliúcháin mar bhonn eolais faoi thabhairt chun críche na sonraíochtaí curaclaim.