Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine ó 6 Márta go 7 Meitheamh, 2024. Cuimsíonn an comhairliúchán poiblí roinnt míreanna lena n-áirítear aighneachtaí scríofa, ceistneoirí, imeachtaí fócasghrúpa agus rannpháirtíocht i líonraí scoileanna.
- Comhairliúchán
- Grúpaí fócais
- Ceistneoirí
- Aighneachtaí scríofa
- Líonraí Scoileanna
- Ceisteanna Coitianta
Tá comhairliúchán oscailte anois ar chúig dhréachtsonraíocht churaclaim. Is féidir leat na doiciméid a léamh thíos, chomh maith le físeáin ghearra faisnéise a thugann réamhrá do gach doiciméad.
Mar chuid den chomhairliúchán, tá an CNCM ag óstáil roinnt ghrúpaí fócais i bpearsa agus ar líne do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile.
Grúpaí fócais i bpearsa
Beidh roinnt cruinnithe grúpa fócais ag an CNCM ag na láithreacha seo a leanas.
Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain | An 13 Márta, 3.45-5.15 i.n. |
Co. an Chabháin (Cavan Crystal Hotel)
|
An 19 Márta, 3.45-5.15 i.n. |
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar | An 20 Márta, 3.45-5.15 i.n. |
Ionad Múinteoirí Phort Láirge | An 21 Márta, 3.45-5.15 i.n. |
Ionad Oideachais Shligigh | An 9 Aibreán, 3.45-5.15 i.n. |
Ionad Oideachais Chorcaí | An 10 Aibreán, 3.45-5.15 i.n. |
Ionad Oideachais na Gaillimhe | An 16 Aibreán, 3.45-5.15 i.n. |
Le linn an ghrúpa fócais seo, iarrfar ort do thuairimí a chur in iúl ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclam na Bunscoile. Chun clárú le haghaidh grúpaí fócais i bpearsa, cuir isteach do chuid sonraí ag baint úsáide as an bhfoirm seo le do thoil:
Foirm chláraithe grúpa fócais i bpearsa
Grúpaí fócais ar líne
Beidh cruinnithe grúpaí fócais ar líne ag an CNCM freisin a bhaineann go sonrach le gach dréacht-sonraíocht curaclaim.
Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile | 17 Aibreán, 7-8 i.n. |
Oideachas Ealaíon (Ealaín, Ceol agus Drámaíocht) | 18 Aibreán, 7-8 i.n. |
Folláine (Corpoideachas agus OSPS) | 23 Aibreán, 7-8 i.n. |
Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (Stair agus Tíreolaíocht) | 24 Aibreán, 7-8 i.n. |
Oideachas Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta | 25 Aibreán, 7-8 i.n. |
Le linn an ghrúpa fócais a roghnaíonn tú le freastal air, iarrfar ort do thuairimí a chur in iúl ar dhréachtsonraíocht curaclaim na bunscoile atá á meas. Chun clárú le haghaidh grúpaí fócais ar líne, cuir isteach do chuid sonraí ag baint úsáide as an bhfoirm seo le do thoil:
Foirm chláraithe grúpa fócais ar líne
Focus group for parents
Grúpa fócais ar líne do thuismitheoirí ar an dréacht-churaclam nua | 7 Bealtaine, 7-8 i.n. |
Tá roinnt ceistneoirí ar fail ar líne, cuid acu dóibh siúd atá ag obair san oideachas agus ceistneoir eile le haghaidh tuismitheoirí/ caomhnóirí.
Ceistneoirí d’oideachasóirí
Anseo thíos gheobhaidh tú ceistneoir do gach ceann de na sonraíochtaí dréacht-churaclaim, chomh maith le ceistneoir ginearálta ar ailíniú na sonraíochtaí le Creatchuraclam na Bunscoile.
Ceistneoir ar an Dréachtsonraíocht Curaclaim Oideachais Ealaíon
Ceistneoir ar an Dréachtsonraíocht Churaclam an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil
Ceistneoir ar an Dréachtsonraíocht Oideachais Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Innealtóireachta
Ceistneoir ar an Dréachtshonraíocht don Fholláine
Ceistneoir ar an Dréachtshonraíocht don Fholláine
Ceistneoir le haghaidh tuismitheoirí / caomhnóirí
Is féidir le heagraíochtaí nó daoine aonair aighneacht scríofa a dhéanamh ag úsáid an bhfoirm thíos
Sula gcuirfidh tú an aighneacht seo i gcrích, léigh na dréachtsonraíochtaí, le do thoil, atá ar fáil ar an gcéad chluaisín.
I mí Eanáir 2024, d’iarr an CNCM ar léirithe spéise ó bhunscoileanna agus ó scoileanna speisialta páirt a ghlacadh i gcomhpháirt líonraí na scoileanna den phróiseas comhairliúcháin. Tá an fhoirm léirithe spéise dúnta anois agus míle buíochas le gach scoil a chuir iarratas isteach.
Tá Cúig Líonra Scoile ar bun anois agus tá líonra amháin do gach dréacht-sonraíocht curaclaim. Léiríonn na scoileanna sna líonraí raon leathan cineálacha agus comhthéacsanna scoileanna.
Oibreoidh CNCM leis na scoileanna seo ó Mhárta go Meitheamh 2024. Le linn an ama seo, freastalóidh na scoileanna ar dhá chruinniú pearsanta agus ar dhá chruinniú ar líne le scoileanna eile sa líonra, chomh maith le hobair le foireann an CNCM le linn cuairte scoile ar an scoil.
Tuigimid a luachmhaire agus a thábhachtaí atá sé a bheith ag obair go díreach le scoileanna chun leas a bhaint as taithí agus saineolas na múinteoirí agus na gceannairí scoile. Bainfear feidhm as an aiseolas ón gcomhairliúchán scoilbhunaithe, i dteannta na míreanna comhairliúcháin eile, mar bhonn eolais agus bailchríoch á cur ar na sonraíochtaí curaclaim bunscoile.