Comhairliúcháin le Páistí

Is cuid thábhachtach d’obair CNCM é an comhairliúchán. I gcomhar le Hub na nÓg agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, bhí CNCM i mbun comhairliúcháin le páistí maidir le Folláine (Corpoideachas agus OSPS) agus Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (Stair agus Tíreolaíocht) i mbunscoileanna.

27 Bealtaine, 2024

Comhairliúcháin le Páistí

Foilsíodh dhá thuarascáil ar eispéiris na bpáistí sna réimsí curaclaim Folláine (Corpoideachas agus OSPS) agus Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (Tíreolaíocht agus Stair). Forbraíodh leagan de gach tuarascáil atá feiliúnach do pháistí chomh maith agus roinneadh iad le scoileanna na bpáistí. 

 

D’oibrigh CNCM i gcomhar le Hub na nÓg agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar dhearadh agus ar reáchtáil na gcomhairliúchán le páistí.  

 

Léirítear sa chéad tuarascáil dearcthaí, smaointe agus moltaí na bpáistí maidir leis an méid ba mhaith leo a fhoghlaim i réimse na Folláine (Corpoideachas agus OSPS) agus an chaoi ar mhaith leo an méid sin a fhoghlaim. Tá an tuarascáil iomlán, agus an leagan de atá feiliúnach do pháistí, ar fáil anseo 

 

Léirítear sa chéad tuarascáil dearcthaí, smaointe agus moltaí na bpáistí maidir leis an méid ba mhaith leo a fhoghlaim i réimse an Oideachais Shóisialta agus Imshaoil (Stair agus Tíreolaíocht) agus an chaoi ar mhaith leo an méid sin a fhoghlaim. Tá an tuarascáil iomlán, agus an leagan de atá feiliúnach do pháistí, ar fáil anseo.