Oideachas Folláine

Foghlaim tuilleadh

Tacaíonn folláine le forbairt shóisialta, mhothúchánach agus fhisiciúil na bpáistí anois agus amach anseo. Cuireann sí ar chumas páistí féinfheasacht agus féineolas a fhorbairt, scileanna saoil a thógáil agus braistint láidir a fhorbairt go bhfuil dlúthbhaint acu lena scoil, lena bpobal agus leis an tsochaí níos leithne. Chun na scileanna agus na meonta sin a fhorbairt, tá sé tábhachtach do pháistí a dtuiscint eiticiúil féin ar an domhan a fhorbairt.

Spreagann oideachas luachanna machnamh ar roghanna, deiseanna a iniúchadh, agus tiomantas do fhreagrachtaí. Spreagfar páistí le luach a chur ar a bhfuil i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus freagrachtaí i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos leithne.

Tugann folláine deiseanna struchtúrtha do pháistí a bheith chomh folláin agus is féidir, go fisiciúil agus go mothúchánach. Tarlaíonn sé sin ach iad a spreagadh le tabhairt faoi ghníomhaíocht choirp agus roghanna a bhfuil bonn eolais fúthu a dhéanamh i dtaca le slí mhaireachtála shláintiúil. Ina theannta sin, tacaíonn folláine le páistí chun luach a chur ar chaidrimh dhearfacha agus shláintiúla le daoine eile. Cuid de sin is ea tuiscint a fháil ar ghnéasacht an duine atá cothrom agus ceangailte le gné an chaidrimh agus le gné na mothúchán.

Cláraigh chun an nuacht is déanaí a fháil ar obair churaclaim agus mheasúnaithe agus ar imeachtaí ó CNCM.

Tá comhairliúchán oscailte anois ar an Dréachtsonraíocht don Fholláine.

Dréachtsonraíocht don Fholláine

Ba bhreá le CNCM d’aiseolas agus do thuairimí a chloisteáil. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcomhairliúchán agus conas is féidir leat a bheith páirteach ann, téigh chuig ár leathanach comhairliúcháin tiomnaithe

Cuireann CNCM comhairle ar an Aire Oideachais faoi chúrsaí curaclaim agus measúnaithe don oideachas luathóige, do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Mar chuid de na forbairtí níos leithne sa bhunscolaíocht, táthar ag súil le sonraíocht uasdátaithe le haghaidh oideachais Folláine a chur i gcrích go luath in 2025.

Beidh ról lárnach ag Meitheal Forbartha Oideachas Folláine Bunscoile san obair seo. Tá ionadaithe ar an Meitheal Forbartha ó réimse páirtithe leasmhara oideachais, lena n-áirítear comhlachtaí múinteoirí agus bainistíochta agus an Roinn Oideachais.

Le haghaidh níos mó eolais faoi phróisis forbartha an CNCM agus comhaltaí ar na meithleacha forbartha, tabhairt cuairt ar Bhoird agus Meithleacha Forbartha.

Is féidir rochtain a fháil ar nótaí cruinnithe ón Meitheal Forbartha Oideachas Folláine thíos.

Tá athbhreithniú córasach litríochta déanta ag Coláiste Mhuire gan Smál thar ceann an CNCM chun tacú le sonraíocht don Fholláine a fhorbairt. Is féidir leat an taighde seo a léamh anseo.