Tapaigh an deis do thuairim a chur in iúl den uair dheireanach

Beidh an comhairliúchán ar an athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile ar bun go dtí an 7 Meitheamh. Faigh tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán go dtí seo agus faigh amach cén chaoi ar féidir leatsa do thuairimí ar na moltaí a chur in iúl.

27 Bealtaine, 2024

Tapaigh an deis do thuairim a chur in iúl den uair dheireanach

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí ar chúig Dhréachtsonraíocht do Churaclam na Bunscoile san Oideachas Ealaíon; na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht; agus an Fholláine.  

 

Ó bhí an 9 Márta ann, tá CNCM ag bualadh le múinteoirí, ceannairí scoile, tuismitheoirí, páistí agus le páirtithe leasmhara eile trí fhócasghrúpaí ina mbíonn daoine i láthair go pearsanta agus ar líne, agus ag éisteacht lena dtuairimí ar na moltaí. Ina theannta sin, reáchtáladh imeacht comhairliúcháin i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite, inar tugadh le chéile réimse leathan guthanna ar mhaithe le cur agus cúiteamh ar na moltaí éagsúla.  

 

Tá CNCM ag obair fós le cúig líonra scoileanna freisin. Le roinnt míonna anuas, tá na scoileanna sin ag roinnt mion‑aiseolas ar na dréacht‑mholtaí. Bhí deis ag páistí na scoileanna sin chomh maith chun a dtuairimí a chur in iúl ar a gceapann siadsan atá tábhachtach ina gcuid foghlama.  

Níl ach coicís fágtha sa chomhairliúchán, agus tá CNCM ag iarraidh tuairimí a fháil óna oiread daoine eile agus is féidir. Seo cuid de na bealaí ar féidir leatsa páirt a ghlacadh ann fós: 

·         Ceistneoirí: Tá ceistneoirí ar líne ar fáil do ghairmithe oideachais agus do thuismitheoirí. Tá roinnt ceisteanna gearra i ngach ceistneoir, chomh maith le spás chun tuilleadh aiseolais a chur leis. 

·         Aighneachtaí scríofa: Tá fáilte roimh dhaoine aonair agus grúpaí/eagraíochtaí freisin aiseolas scríofa a chur isteach ar cheann amháin nó níos mó de na dréachtsonraíochtaí curaclaim.  

 

Déanfar anailísiú agus tuairisciú ar an aiseolas a bhaileofar ón gcomhairliúcháin seo agus cuirfidh sé le cur i gcrích na gcúig Dhréachtsonraíocht Churaclaim.  

 

Tá tuilleadh eolais ar an gcomhairliúchán ar ár leathanach comhairliúcháin ar leith.