Teanga Chomharthaíochta sa Churaclam Príomhshrutha

An bhfuil suim agat i dTeanga Chomharthaíochta sa churaclam? D’fhoilsigh CNCM taighde ar theagasc na Teanga Comharthaíochta in oideachas luath-óige, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna. Déantar iniúchadh sa taighde ar Theangacha Comharthaíochta i Meiriceá (Kentucky), san Astráil (Victoria), sa Nua-Shéalainn, in Albain, agus sa Bhreatain Bheag. Tacóidh an taighde sin le curaclam Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a fhorbairt in Éirinn.

27 Bealtaine, 2024

Teanga Chomharthaíochta sa Churaclam Príomhshrutha

Tugadh aitheantas oifigiúil san Acht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017 do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) mar theanga dhúchais agus mar mhionteanga neamhspleách. I mí na Samhna 2022, d’fhógair na hAirí Oideachais agus Oideachais Speisialta go gcuirfí tús leis an gcéad chéim de chur i bhfeidhm na scéime TCÉ i scoileanna, rud a chuireann tacaíocht ar fáil sna scoileanna do scoláirí atá Bodhar agus do scoláirí arb é TCÉ a bpríomh-mhodh cumarsáide. Is sa chomhthéacs sin a choimisiúnaigh CNCM tuarascáil taighde le Sharon O’Donnell, speisialtóir oideachais i dtaighde deasca agus i mbainistíocht faisnéise, chun iniúchadh a dhéanamh ar theagasc na Teanga Comharthaíochta i sé dhlínse.

Déantar scrúdú sa tuarascáil:

·         Ar an bhfís atá mar bhonn faoi Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a ionchuimsiú sa churaclam príomhshrutha

·         Ar áit agus eagrúchán na Teanga Comharthaíochta sa churaclam

·         Ar na céimeanna forbartha i bhfoghlaim na Teanga Comharthaíochta

·         Ar mheasúnú agus ar phleanáil le haghaidh dul chun cinn

·         Ar na príomháisitheoirí agus ar an oideolaíocht a thacaíonn le foghlaim na Teanga Comharthaíochta

Sainaithnítear sa tuarascáil an chaoi a sainaithníonn dlínsí réimse aidhmeanna, tosaíochtaí agus prionsabal le haghaidh fhoghlaim na Teanga Comharthaíochta i scoileanna, agus é mar phríomhbhéim acu ar fad feabhas a chur ar rochtain ar Theanga Chomharthaíochta d’fhoghlaimeoirí Bodhra agus d’fhoghlaimeoirí a bhfuil éisteacht acu araon, agus feabhas a chur ar chumarsáid agus ar thuiscint thraschultúrtha idir pobail Bhodhra agus pobail a bhfuil éisteacht acu. Cuimsítear léi faisnéis riachtanach faoi na Creataí atá i bhfeidhm chun go bhféadfaidh idir scoláirí atá Bodhar agus scoláirí a bhfuil éisteacht acu Teanga Chomharthaíochta a fhoghlaim.

Tacóidh an fhaisnéis sa tuarascáil seo le curaclam Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a fhorbairt in Éirinn. Tá sé ceaptha le bunús fianaise a chur ar fáil, seachas samplaí ‘dea-chleachtais’ a chur chun cinn.