23 Aibreán, 2025
Blaganna Aistear
Díríonn an blag seo ar litearthacht éiritheach i gcreatchuraclam nuashonraithe Aistear. Sa luath-óige, baineann litearthacht le forbairt na cumarsáide agus na teanga/na dteangacha, chomh maith le hiniúchadh agus forbairt scileanna, coincheap, eolais agus tuisceana ar bhealaí ilchéadfacha, ilmhódacha agus idirnasctha. Tacaíonn an tuiscint sin ar litearthacht éiritheach le Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann 2024 2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta a seoladh le déanaí.
Cuireann an Creat nuashonraithe béim ar thacú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga chun tuiscint mhéadaithe ar theanga agus ar chló a fhorbairt, atá mar bhunús le haghaidh cumarsáide, léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Tá litearthacht éiritheach fite fuaite i ngach ceann de théamaí Aistear, ach cuirtear béim ar leith uirthi i dTéama na Cumarsáide. Díríonn an Téama seo ar naíonáin, lapadáin agus leanaí óga ag roinnt a gcuid taithí, smaointe, tuairimí, mothúchán, spéiseanna, riachtanas agus ceart le daoine eile, le muinín agus inniúlacht atá ag fás ar bhealaí éagsúla agus chun críocha éagsúla. Tá na hAidhmeanna agus na Spriocanna Foghlama ar fad sa Chumarsáid úsáideach chun tacú le litearthacht éiritheach.
Trí thimpeallacht ionchuimsitheach shaibhir cumarsáide a bheith ag na naíonáin, na lapadáin agus na leanaí óga, cuirtear ar a gcumas dul i ngleic go laethúil le héagsúlacht eispéiris litearthachta éiritheach trí oideolaíocht mhall chaidreamhach. Úsáideann siad bealaí éagsúla chun cumarsáid a dhéanamh, agus níl sa teanga ó bhéal ach ceann amháin díobh sin. Féadfaidh siad a bheith ag geabaireacht, ag caoineadh, ag síneadh méar, ag cur grainc orthu, ag déanamh marcanna, ag tarraingt agus ag caint lena gcuid teachtaireachtaí a chur in iúl. Chomh maith leis sin foghlaimíonn siad conas éisteacht agus sealanna a ghlacadh i gcomhráite. Tá sé tábhachtach a stór focal a leathnú trí fhocail nua a fhoghlaim, chomh maith le foghlaim faoi theanga(cha) eile, Béarla agus Gaeilge ina measc.
Baineann naíonáin, lapadáin agus leanaí óga taitneamh as pictiúir, leabhair, póstaeir, grianghraif, daoine, ainmhithe agus an dúlra a thabhairt faoi deara agus labhairt orthu. Is breá leo rannta agus amhráin do pháistí a chanadh. Tá sé tábhachtach go mbeadh teacht acu ar raon leathan leabhar ach beidh na leabhair is fearr leo acu, agus tá sé ceart go leor iad sin a léamh arís agus arís eile! Tuigfidh naíonáin go tapa gur féidir le daoine eile siombailí a thuiscint. Is maith leo flapaí a ardú, uigeachtaí a mhothú agus a méara a dhíriú ar charachtair sa scéal. Is maith le lapadáin a bheith ag caint faoi na pictiúir agus ag déanamh fuaimeanna a thagann leis an scéal. Baineann leanaí óga taitneamh as éisteacht le scéalta atá á léamh agus an plota a phlé. Féadfaidh siad freisin an scéal a ‘léamh’ iad féin. Foghlaimíonn naíonáin, lapadáin agus leanaí óga go tapa conas leabhair a ‘léamh’ – iad a choinneáil ar an mbealach ceart suas, ag léamh ó chlé go deas agus ag casadh leathanaigh in ord. Tá rochtain ar leabhair atá ábhartha ó thaobh cultúir agus a léiríonn éagsúlacht ríthábhachtach. Trí phuipéid agus fearais eile a úsáid chun beocht a chur i scéalta ar bhealach spraíúil, cuirtear deiseanna ar fáil chun carachtair agus imeachtaí i scéalta a iniúchadh, ag cur smaointeoireacht ardoird chun cinn. Tacaíonn ceistiú oscailte leis sin freisin. Cuidíonn cuairteanna ar an leabharlann áitiúil agus an léitheoireacht a spreagadh le teaghlaigh le heispéiris a dhéanamh níos fiúntaí.
Is é ról an oideora ghníomhaíoch aird a tharraingt ar an litearthacht i ngnáthaimh agus i gcásanna laethúla. D’fhéadfadh go n-áireofaí leis sin eiseamláiriú ar theachtaireachtaí a scríobh agus iad a léamh ar ais, róil a ghlacadh le linn súgartha, comharthaí a dhéanamh do shiopaí; oidis a scríobh don phoitigéir, litreacha a scríobh chuig Daidí na Nollag nó pasanna a dhéanamh. Tá sé tábhachtach freisin rochtain éasca a sholáthar ar ábhar éagsúla marcála – amhail péint, criáin, cailc, pastail, cineálacha éagsúla páipéir chomh maith le páirteanna scaoilte agus ábhair eile chun ealaín neamhbhuan a chruthú. Trí bhéim a chur ar an bpróiseas in áit an táirge, tacaíonn sin le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga iad féin a chur in iúl go cruthaitheach. Tá sé tábhachtach freisin cabhrú leo grá don léitheoireacht trí mheán na healaíne agus grá don ealaín trí leabhair a fhorbairt, toisc go bhfuil an ealaín agus an litearthacht idirnasctha go dlúth.
Tugann Aistear nuashonraithe go leor bealaí d'oideoirí chun tacú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga a litearthacht éiritheach a fhorbairt. Tá an t-eolas, na scileanna agus na hábaltachtaí ag oideoirí chun na Prionsabail agus na Téamaí a léirmhíniú ar bhealach a bhaineann lena gcomhthéacs aonair. Cumasaíonn sé sin oideoirí chun tacú le naíonáin, lapadáin agus leanaí óga leanúint lena bhfoghlaim agus lena bhforbairt i réimse na litearthachta éiritheach.
Léigh an blag roimhe seo inár sraith anseo.
Léigh an chéad bhlag eile inár sraith anseo.