10 Márta, 2025
Comhairliúcháin Oscailte Do 7 nÁbhar Ardteistiméireachta i dTráinse a Dó
I dTráinse 2 den athbhreithniú ar na hábhair, rinneadh seacht n-ábhar Ardteistiméireachta a athfhorbairt agus tá comhairliúcháin ar na dréachtsonraíochtaí ar oscailt anois.
Nuair a bheidh deireadh leis na comhairliúcháin, tiocfaidh an Mheitheal Forbartha do gach ceann de na seacht n-ábhar le chéile arís i mí Aibreáin 2025. Breathnóidh na meithleacha ar an aiseolas ó na comhairliúcháin éagsúla agus ansin tabharfaidh siad na sonraíochtaí ábhair chun críche. Nuair a bheidh obair na meithleacha críochnaithe, cuirfear na sonraíochtaí faoi bhráid an Bhoird don tSraith Shinsearach agus ansin faoi bhráid na Comhairle lena bhfaomhadh agus cuirfear chuig an Aire iad ina dhiaidh sin.
Ag leanúint ar aghaidh ó thabhairt isteach ábhair Thráinse 1 i mí Mheán Fómhair 2025, tabharfar isteach na sonraíochtaí ábhair athfhorbartha go léir i dTráinse 2 i scoileanna ó mhí Mheán Fómhair 2026 ar aghaidh.
Tá faisnéis ar na dréachtsonraíochtaí agus ar na comhairliúcháin maidir leis na seacht n-ábhar i dTráinse 2 ar fáil anseo ar shuíomh gréasáin CNCM. Dúnfaidh na comhairliúcháin ar 25 Aibreáin (Cuntasaíocht, Tíreolaíocht, Corpoideachas agus Staidéar Pobail, Saoil agus Oibre) agus 2 Bealtaine (Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Béarla) agus spreagtar gach duine ar spéis leis é a bheith rannpháirteach.