Cuir Aithne Ar Na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim Na hÉireann

Is minic a chuirtear ceisteanna orainn maidir le leagan amach agus cineál na hoibre a dhéanann Comhairle CNCM. San eagrán seo den nuachtlitir, bhíomar ag ceapadh go mbeadh sé cabhrach roinnt gnéithe faoin gComhairle agus a cuid gníomhaíochtaí a roinnt. Má tá suim agat níos mó a fhoghlaim, léigh ar aghaidh!

10 Márta, 2025

Cuir Aithne Ar Na Daoine Taobh Thiar d’Fhorbairtí Curaclaim Na hÉireann

Tá 26 comhalta ar Chomhairle CNCM, lena n‑áirítear cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach. Ar na comhaltaí sin tá ainmnithe ó cheardchumainn múinteoirí, comhlachtaí bainistíochta scoile, scoláirí, tuismitheoirí, gnólachtaí, eagraíochtaí eile san oideachas, agus ainmní de chuid an Aire Oideachais agus Óige agus ainmní de chuid an Aire Leanaí, Míchumais, agus Comhionannais (féach Comhairle 2022-2026 | CNCM). Is comhlacht reachtúil í CNCM agus ceapann an tAire Oideachais agus Óige an Chomhairle agus a cathaoirleach. Tagann an Chomhairle le chéile seacht n‑uaire in aghaidh na bliana ar a laghad, agus ag tráthanna eile de réir mar is gá. Ag léiriú na bhfreagrachtaí san Acht Oideachais, 1998 (Cuid VII), leagann an Chomhairle a cuid tosaíochtaí oibre amach i bPlean Straitéiseach Ceithre Bliana.

Ag caitheamh súil níos géire ar an gComhairle, is é an tUasal Seán Ó Foghlú, a ceapadh i mí na Nollag 2022, an cathaoirleach. Is Comhalta Sinsearach é Seán sa Bheartas Poiblí in Institiúid na nEolaíochtaí Sóisialta in Ollscoil Mhá Nuad. Mar chuid de sin, bíonn sé ag tacú le taighde, teagasc agus comhpháirteachas poiblí, mar a bhaineann siad le beartais phoiblí a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Tá taithí 30 bliain i státseirbhís agus i seirbhís phoiblí na hÉireann ag Seán atá fiúntach do ról an chathaoirligh, lena n-áirítear deich mbliana mar Ard-Rúnaí agus ceithre bliana mar Rúnaí Cúnta sa Roinn Oideachais, chomh maith le seacht mbliana mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann. Tá spéis ar leith ag Seán i gcúrsaí spóirt agus ceoil agus is maith leis dul ar thurais go Páirc Esler agus Elland Road nuair is féidir leis, agus chuig an oiread ceolchoirmeacha Americana agus traidisiúnta agus is féidir.

----------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

An Dr Aidan Raftery

Tar éis dom céim B. Oid. a bhaint amach ó Choláiste Mhuire Gan Smál in 2009, thosaigh mé ag múineadh i Scoil Náisiúnta Bhuachaillí Dhamhliag i gCo. na Mí. In 2017, ceapadh mé mar phríomhoide sa scoil chéanna. Ó shin i leith tá baint agam le taighde agus le foghlaim ghairmiúil, agus bhain mé Dioplóma Iarchéime san Oideachas Ionchuimsitheach agus Speisialta amach agus Máistreacht i Riachtanais Speisialta Oideachais ina dhiaidh sin. D'oibrigh mé go páirtaimseartha freisin mar theagascóir ar an Dioplóma Iarchéime san Oideachas Ionchuimsitheach agus Speisialta in OCBÁC. Chríochnaigh mé taighde dochtúireachta le déanaí ar Phobail Chleachtais chun tacú le ceannairí scoile Ceannaireacht Scoile Ionchuimsitheach a chur i bhfeidhm.

 

Thosaigh mé le CNCM i mí Mheán Fómhair 2024 mar Oifigeach Oideachais, mar a bhfuil ról trasearnála agam, ag díriú ar ionchuimsiú agus oideachas speisialta. Is breá liom a bheith páirteach i bhforbairt curaclaim, ag comhoibriú leis na páirtithe leasmhara éagsúla, ag tabhairt cuairt ar scoileanna agus ag obair le foireann iontach. Is spreagadh mór dom mana Mel Ainscow ‘tá gach foghlaimeoir tábhachtach agus chomh tábhachtach lena chéile’, agus tá súil agam mo phaisean don oideachas ionchuimsitheach agus speisialta a úsáid chun tacú le forbairt curaclaim ar fud na n-earnálacha go léir a thuilleadh.

 

Chomh maith le mo phaisean don oideachas, is maith liom am a chaitheamh le mo bhean chéile agus triúr mac agus foireann peile mo mhic a chóitseáil uaireanta.