Léiriú Spéise In Athfhorbairtí Na Sraithe Sinsearaí

Eisíodh léiriú spéise chuig gach iar-bhunscoil, ina dtugtar deis do na scoileanna a bheith páirteach sa phróiseas chun curaclam na sraithe sinsearaí a athfhorbairt.

10 Márta, 2025

Léiriú Spéise In Athfhorbairtí Na Sraithe Sinsearaí

Tríd an dlúthobair a dhéanaimid le scoileanna feicimid go díreach go bhfuil scoileanna ag croílár an athraithe inár gcóras oideachais. Ar an dóigh chéanna, tá sé tábhachtach go mbeadh baint dhíreach ag scoileanna le forbairt an churaclaim ar an leibhéal náisiúnta.

Ó bhí Márta 2022 ann, bhí breis agus 260 teagmháil le scoileanna agus múinteoirí ar fhorbairtí curaclaim. Bhí scoileanna a léirigh spéis i bheith páirteach inár gcuid oibre rannpháirteach ar bhealaí éagsúla. Ina measc sin, bhí:

  • cuairteanna scoile a thacaigh le cáipéisí eolais agus treoracha a fhorbairt chun ábhair agus cláir a athbhreithniú.
  • fócasghrúpaí a óstáil le múinteoirí, scoláirí agus ceannairí scoile chun tacú le comhairliúcháin ar dhréachtsonraíochtaí curaclaim
  • focasghrúpaí múinteoirí ar dhréachtaí de threoirlínte chun tacú le comhpháirteanna measúnaithe sa bhreis i sonraíochtaí a athfhorbraíodh le déanaí
  • líonra scoile chun tacú le forbairt Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 den tSraith Shinsearach.


Tá léiriú spéise á lorg againn chun rannpháirtíocht leanúnach scoileanna inár gcuid oibre a chinntiú, agus go háirithe sna hábhair i d
tráinsí 4 agus 5, agus freisin i réimse na gconairí sa tsraith shinsearach. Seoladh an léiriú spéise ó eoidatabase@ncca.ie. Mura bhfuil ríomhphost faighte agat, déan teagmháil linn le do thoil ar eoidatabase@ncca.ie agus seolfaimid ríomhphost agus nasc nua chugat.Fanfaidh an léiriú spéise ar oscailt go dtí 28 Márta 2025.