10 Márta, 2025
Podchraoladh Bunscoile CNCM a Chur i Láthair
Tá lúcháir orainn The NCCA Primary Podcast, podchraoladh bunscoile CNCM, a fhógairt, spás ina ndéanaimid plé agus ina roinnimid smaointe faoi churaclam athfhorbartha na bunscoile agus an tionchar a bheidh aige sin ar fhoghlaim, teagasc agus measúnú i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann.
Mar chuid dár gcuid oibre in CNCM cabhraímid le smaointeoireacht nuálach agus torthaí taighde faoin gcuraclam agus measúnú a aistriú go heispéiris luachmhara, shuimiúla agus ábhartha do pháistí a chabhróidh leo foghlaim agus rath a bheith orthu. Déanaimid sin trína chinntiú go bhfuil an treoir a chuirimid ar fáil chun tacú le hobair scoileanna leis an gcuraclam bunaithe ar an taighde is déanaí agus freisin trí éisteacht le go leor tuairimí éagsúla, ina measc múinteoirí, príomhoidí, taighdeoirí agus ar ndóigh páistí. Tugann podchraoladh bunscoile CNCM deis dúinn na tuairimí agus na smaointe sin a roinnt leat.
I ngach clár den phodchraoladh, dírítear ar phríomhábhar, amhail cén fáth a bhfuil an curaclam ag athrú, conas athruithe a bhainistiú i scoileanna, agus conas is féidir leis na hathruithe sin eispéiris foghlama níos fearr a chruthú do pháistí. Tá sé d’aidhm ag na comhráite deis a thabhairt duit tuairimí daoine eile a chloisteáil, ach níos tábhachtaí fós smaoineamh ar na smaointe sin duit féin agus do chuid comhráite féin le daoine eile a spreagadh.
Ba bhreá linn cloisteáil uaitse freisin. B’fhéidir gur mhaith leat freagra a thabhairt ar rud éigin a chuala tú ar an bpodchraoladh nó go bhfuil smaoineamh agat faoi ábhar podchraolta amach anseo. Chun teagmháil a dhéanamh linn, seol ríomhphost chugainn ag podcast@ncca.ie nó glac páirt sa chomhrá ar na meáin shóisialta trí #nccapod a úsáid.
Tá The NCCA Primary Podcast ar fáil ar Spotify, Apple Music agus suíomhanna eile óstála podchraoltaí.